Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 201

201. Mala masiana: .i. na hubla fiadain; fuar tirim & ni fadur a ceim a leabraibh Plaitiairius & ata brigh fostoidteach innta. Gabh ubla coillighi & maetain drisi arna mbrisidh & beirb iat a finegra & curtar umna hairnib no arin fordronn & foiridh disinteria. Na hubla millsi atait maille re gaetmuireacht moir. Na hubla stipica coillighi da tobairt a haitli an big omh no beirbfi & as mor fodnuid don luct eirgeas a heaslainte 'ga mbi neimh-dileaghadh 'na ngaili & as amlaidh dleaghar a tobairt .i. na hubla da gearradh ara lar & a sceallain da buain asta leath astid & a linadh dona puduraib so .i. pudur clobuis & nutmicc & lignum aloeis & muna fadtar so curtar pudur cuimin amhain innta no pibair & a rostadh & a caitim a haitli na codach & comfurtachtaig {ms folio 90b3} an dileaghadh co mor. Item, garr an ubaill cetna arna rostadh do cumasc


p.214

maille re h-ailim & re borax & a cur arin aillsi & foirig hi gan aimiris mar adubrumar.