Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 163

163. Lapasium acutum: .i. an corrcopog; teasaide tirim sa iii ceim. A cur 'na ceirin arin ngaili & coiscidh a teinneas & a gaetmuireacht. A bearbadh ar leamnacht & ar feoil muice amail potaitse & foirigh an flux bronn tic o fuaraideacht. Urbruith do denamh don luibh cetna ar uisce & foirig an carraighe & gach uili bruth bis ar in croicinn. A bearbadh ar fin & bolgam do congmail sa bel & foirigh teinneas na teinneas na fiacal & ramadus an tsine heaain. An luibh cetna da bearbadh ar fin {ms folio 84a1} arsaigh no ar leamhnacht bo & a ol & foirig tinnis an ghaile & na seilge & na n-inneadh & flux disinteria. A premha da bearbadh ar blonaig muice & foirigh gach uili att tic o fuaraideacht. A bearbadh ar fin & a ol & brisidh na cloca fuail & da-beir an fuil mhista. Sudh na luibhe so maille re h-ola na cno francach & pic & ceir nua da cur trite & foirig gach uili carraighe. An luibh cetna da bearbadh ar ola & gallunach da cur triti & foirigh gac uili carraighe. An luibh so da bearbadh ar blonaig muice & aibigh & brisidh na neascoideadh & beirbtear an luibh cetna ar ola & curtar ceir innti & coimiltear amail uinneminntibh don tseilg & foirigh duinti na sseilge. Pudur na luibhe so & pudur asola da bearbadh ar mil & foirigh idroipis t re n-abur leucafleadhmansia. Sug na luibhe cetna da caitim maille re mil & marbaidh peiste na n-inneadh. An sug cetna maille re sug ruibi da cur sa sroin & glanaidh an


p.189

incinn o imurcaigh leanna finn. Pinginne beca da denamh da premhaibh & a mbearbadh ar leamnacht & foirigh asma.


p.190