Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 144

144. Galitricum: .i. in caince coilli; teasaide tirim & ni fadur a ceim a leabhraibh & togairmigh co mor an fuil mista & an fual & fotragadh da denamh de on imlican sis. Sug na luibhe so & domblas ae cailigh da cur fona suilib mar foibert foirigh gach uili teimheal. Item, an luibh cetna da bearbadh ar uisce sisain eorna & crim muice fiadh & dubcosach ur & sail cuach & teanga enain maille ris da bearbadh co maith & a nglanadh le mil & le gealan uighe & foirigh ainnteas na n-ae & na scaman.