Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 124

124. Ferrum, ferrugo & sgama ferri: .i. in t-iarunn & {ms folio 77a3} in t-slaighe & in tuirinn; is teasaide tirim sa iii ceim & ata deitfir idir na gneitib so .i. ferrum in t-iarunn & ferrugo in tslaighi & scama ferra an tuireann.

An t-iarann vero ata brigh comfurtachta & tairngteac & fostoiteac ann. An bainne bearbtar leisin iarunn coisgidh flux na bronn. In cned loisctear leis coiscid a fuil. In slaighi vero ata brigh seimhighti tirmaidteac ann. An fin ina mbaitear an slaighe coiscid remadus & duinti na seilge. Item, dentar pudur min don tslaighe & cumaisctear maille re sugh na coinnle muire & tumtar cadas ann & curtar sa timtireacht & coiscid flux emaroides. Item, gabh slaigteach dearg & doirt finegra air & lic a deatach fon timtireacht & foirig tenesmon & ni dleaghar an tuireann da tobairt ana haenur gan neithi stipeaca maille ris mar ata duillebar rosa oir da ghenfadh creachta arna hinnibh & folmaigid da reir a truime na leanna truaillnidhe da geib san gaili & isna hinnib & ata


p.164

folmughadh leanna duibh co haireda innti. Ata {ms folio 77a4} brigh fostoiteac ann amail is follus a lucht emoroideis oir coiscid a flux & flux fola na mban & is cumachtach foiris{ms folio 77b1} drochdat na haithce noch do-nitear o linn dubh. Da chur neith ar dermaid o duine d'fuat no da grad no gibe ni bis ar a aire an fin no an deoch bearbtar leisin slaighe da tobairt da ol & ni cuimhneocha da cumachta na neithi so. Adeir Plaitiairius an slaidteac do minugad a meid grainne pibair & pudur caineil & sinnseir & ainisi & licoirisi da cur ann & a caitimh ar cetlongadh & re loighe & foirig duinti na n-ae & na seilge & curtar pudur na tuirinne a lictabairibh & a leigeasaibh comsuigigte mar ata triafera sarasenica & a cosmaile.