Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 115

115. Elena campana: .i. in eillin; teasaide tirim sa iii ceim & fliuch sa cet ceim. In luibh so da bearbadh ar fin no ar lind & togairmigh an fuil mista & in togluasacht & in fual. Ceirin da preimh na luibhe so da chur arin imlinn & coiscid ilica & coilica. An luib cetna da bearbadh ar fin & ar mil an aenfeacht & a cur 'na ceirin arna dubanaib & foirigh{ms folio 75b2} teinneas na n-arunn. Item, gabh prema na luibhe cetna & dena pudar de & beirb ar mil noco ma tiugh & eabar lan leighe ar cetlongad & re loighe & foirigh an cosactac & ata brigh comfurtachta & cnaidteac & glantach na feitheadh sa luibh so. In luibh so da bearbadh ar fin an aigid teinnis & gaetmuireachta in gaili. Premha na luibhi cetna da tirmugadh a tosach an tsamraigh & beirig a brigh bliadhain innte. Item, pudur na luibhi so da bearbadh ar uisce maille re huisce eorna & re licoiris & pudur caineil & siucra da cur air & tarbaigh co mor an aigid easlainte na mball spiradalta. In luibh cetna da bearbadh ar fin & ar ola & a cur 'na ceirin ar in imlican & foirigh ilica & coilica & stranguria.


p.158