Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 109

109. Dragantum: .i. in coporrus; teasaide tirim sa 4 ceim & atait iiii gneiti air .i. gne geal & araibicum a hainm .i. san Araip da-gabar e & gne buighi darub ainm siperinum & sain oilen darub ainm Sipra da-gabar e. In iii gne darub ainm frasina .i. sa Frainc da-gabur e & dath uaine bhis air. In iiii gne darub ainm andicum & dat glas bis air & san Innia da-gabur & mitaill talmuighe na gneu so & ase dath as ferr air .i. dath solus uaine & bigh a brigh x mbliadhna ann. Et ata brigh discailteac cnaigteac tirmaigteac ann gurab uime sin is imcubaidh e da reir Plaitiairius an aigid na linnigan & na feadanachta fliucha ele da tirmugad. Item, gabh pudur dragantum & a da urdail da min ponairi arna parsail & an iiii cuid {ms folio 73b3} da gallunaigh & dentar ga copo de & a cur a mbel na cneidhi & fairsingid na cneadha & tairrngidh a cnaime bristi & atnuaigid a feoil. Is mor fodnus an aigid an galair darub ainm poilipus .i. galar da galraibh na srona & is uime aderar poillipus ris .i. as inann poli & meall & is inann pus & siligh .i. meall bis ar sileadh sa sroin. Item, gabh apostoilicon uinnemint imcubaidh na cneadh & curtar dragantum triti & suat co maith trit a celi & curtar a pollaibh na srona {ms folio 74a1} & foirigh an galar adubrumur. Item, ga copa da cadas da tuma an uisce


p.152

saillte & cuir pudur dragantum air & cuir sa sroin & foirig poilipus. Et adeir Plaitiairius in leiges cetna da cur sa maclac & foirigh flux na fola mista. A cur mar in cetna sa sroin & foirig flux fola na srona & foirigh mar in cetna flux fola na timtireachta. Dragantum da legadh ar uisce no ar bainne no ar gealan uighe & a cur amail foibert fona suilib & foirigh a ndeirge & a fliuchaidheacht. Nod leat nac dleaghar dragantum da cumusc maille re leiges eli acht muna loisctear ar dus e as amlaidh .i. a cur ar ndenam puduir de a mblaeisc uighe circe e ar teinigh gan en raed trit & an uair bus dearg e a cur isna cneadaib & isna leigesaib adubrumar.
  1. Don baluart
  2. d'eiginn na crann
  3. don eigeann talman
  4. don tatabaid
  5. don endiuia
  6. don ellinn
  7. dona haeib abha
  8. da blath na time
  9. don eisbeorna
  10. don euforbium
  11. don uma loiscte
  12. don ematites
  13. don emblisi
  14. don cearrbocan.


p.153