Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 94

94. Corona regia: .i. an eachseamur; teasaide tirim sa cet ceim & ata brigh comfurtachta & diureticac innti. An luibh so da bearbadh maille re blonaig & coiscid gaetmuireacht na n-innead & an gaili & oslaigid duinti na n-ae & na n-arann & in lesa & gebe gnathaigeas an luibh so d'ithi do-ni anal maith aigi & is maith hi a foibertaibh na sul & da caitear co ceann xiii la maille re huisce foirig an buigeacuir. Da n-eabur an luibh so go ceann xx la foiridh potagra & loiniga. Adeir Plaitiairius co {ms folio 70b2} mbinn a brigh co ceann 4 mbliadhan sa luibh so .i. ina sil & in sil sin da brisidh & a cur ar eanbruiti & ar biataibh & do-ni deagblasta dhe.