Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 90

90. Consolida media: .i. an t-easboc beoain & ata se teasaide fliuch & ata brigh comfurtachta ann an aigid duinte na n-ae & na seilge. Gab s ugh easboc beoain & iubar sleibhe & prema feneil & persille & barr mercuirial & crim muice fiadha & dubhchosach & premha egrime & chuilinn dumac comor da gach neith. bearbtar ar braitlis mait & curtar mil & gabail innti & eabar mar gach ndigh. Adeir Diescoirdeis gurab mor foghnus an luibh so an {ms folio 69b2} aigid na tisisi & na heitice & an cardiaca .i. gabh easboc beoain & barr isoipi & meillisi & local & aitnim liag & poltulaca & sail cuach & samadh ferna comor da gach neith bearbtar iat ar sisan eorna & curtar mil & siucra innti & tobair da hol co minic sa lo co n-aithi. Item, dentar an tsailb ochta so ar im mhi Mai & curtar pudur licoirisi & ainisi & caineil inti & curtar blonaig circe no cabuin annsa sailb & eabar ar bainne gobair & coimiltear don ucht & dona maethanuibh.