Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 84

{ms folio 68a2}84. Citragha: .i. in t-orufont; teasaide tirim sa ii ceim & is mor brigh na luibhe so ur & is bec crin & beiridh a brigh innte bliadhain & ata brigh cnaiteac discailteac innti & as maith an aigidh duinti na n-ae & na seilge & a bearbadh ar fin no ar lind & a boltanadh da cur fon sroin & comfurtachtaigid an incinn. Duillebar na luibhe so da chur a mailin & a bearbadh ar fin & a cur fon mbaitis &


p.132

coiscigh siubal an rema & teinneas an cinn. Dentar fotracadh don luibh so on imlican sis da togairm na fola mista & isi cumachta na luibhe so oibriughadh an aigid gach uili easlainte fuaire & co hairithe in aigid easlainte an chinn.