Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 73

73. Citonalens: .i. an sidual; teasaide sa iii & tirim sa ii & atait da gne air .i. gne {ms folio 66a1} .i. gne garrdha & gne coillighi & asi an gne coillighi .i. an cartlann leg. caerthann curruig & ata blas stipec air & as mor fognus an aigid na haimrideachta & galar na mban. An sidubal garrdha, ata brigh comfurtachta in totluithi ann & comfurtachtaigh an incinn & coiscigh an gaetmuireacht & comfurtachtaigid lucht na sincoipise & as maith an luibh so a ceirinacaibh & a ndeocaib luchta an filuin. Da curtar premh na luibhe so fon fiacail tein coiscig an teinneas. Uisce da denamh don luibh so mar do-nitear uisce na roisi & a crotad arin aigid & ar ceann lucht na fiabras & coiscidh teinneas an cinn. Item, pudur da denam don luibh so .i. da premhaib & a cumasc maille re pudur caineil & gailingain & a tabairt a potaistib & neartaigid an brigh totluitheach & coiscig gaetmuireacht an gaili & na n-inneadh.


p.124