Corpus of Electronic Texts Edition
An Irish Materia Medica (Author: Tadhg Ó Cuinn)

subsection 60

60. Bolus Armenicus: .i. uir sleibhe Armeinia & ata si fuar tirim sa ii ceim & ata brigh fastoiteac & ceangail innti innus co coiscinn gac uili flux. A pudur so & pudur cruaiti Padraig da cumasc & a cur arna cneadhaib & icaidh & as amlaidh as maith e & a beith dearg sobristi & adeir Avicenna ma ta an flux sa ceann a tabairt da caitim sa mbel & mad annsa gaili no isna hinnibh tabhair mar clisteri. {ms folio 63a3}