31. Aillium: .i. an gairleog, teasaide tirim a medon an iiii ceim da reir Plaitiairius; gairleog omh & a cur ar cneadhaibh na con confaidh & foirid iat. Gairleog da brisidh & a bruit ar leamnacht & a ol 'na bolgumaib beca & foirid easlainti an scamain tic o fua raideacht & as imcubaidh i an aigaidh na higroipisi fuairi & galair na n-arann & teinnisa in cind tic o fuaraideacht. Gairleog do minugadh & blonag geidh triti & a sug da cur bog isin cluais a meid bic foirid tinneas na cluaisi tic o fuaraideacht. Gairleoc da bearbadh ar im ur & foirid in t-asma & easlainti an cleibh tic o fuaraideacht. Ceirin da gairleoig & da blonaic muici da chur arin timtireacht & foiridh teneasmon & tinnis na timtireachta & is imcubaidh an ceirin cetna an aghaidh gac uile {ms folio 56a3} aitt tic o fuaraideacht. Gairleog da catamh ar cet longad an aimsir an aeir truaillnigthi & as mor fognas gairleog da chur fon fiacuil teinn & foirid a teinnis tic o fuaraideacht. Gnatocan na gairleoige tirmaigidh na hinne & an gaili & togairmid an lubra & mania & freinisis & anbaindigidh an radarc & as mor urcoidigidh da lucht leanna ruaigh & as imcubaidh i da lucht {ms folio 56b1} leanna find & do lucht na n-easlainteadh fuar oir ata bridh discailteach cnaiteach na leannann fliuch innte & innarbuidh gach gac uili neim & togairmidar na seandaine icslainte na mbatlach dhi.
Item, gab salunn & mil & eitneadha na cno nGaeidilach & gairleog, comtrom da gach ni, cumasctar & curtar 'na ceirin ar greim na con confaidh & foirid e & ni