Conall & Cernach, can assa ráiter? Ni ansa. Rosacht chlainne bói for Finnchaímh ingin Chathbaidh .i. ben Aimirghin Iarghiunnaigh, coná beredh clann. Co tudchaidh araile druí ina dáil, con-epert in druí fría, ‘dám[b]a mhaith mo lógh’, ol sé, ‘doberthá-ssa mac maith do Amhargen’. ‘Bidh fír son’, ol sisi: ‘bid maith do lógh lium-sa’. Con-eipert in druí, ‘tar don tiprait amárach & tiagh-su lat’. Tiaghait{folio 592a} andís íarnamhárach don tiprait, con cechain in druí brechtu & tairchetla forsin tiprait. Con-epert in druí: ‘Dot-fothraig eissi & dofuisemha mac, & ní ba h-ingaire nech aile día mathar macne oldás .i. do Connachtaibh’.
Atibh an ingen digh assin tiprait iarsin & ro sluig duirb laisin digh, & bai in duirb sin a laimh in maic a m-broinn a mháthar, gu ra tholl an lámh & gurus-cernaigh.
O'tchúala Cet mac Maghach, brathair a mhathar, in ní sin .i. go m-béradh a siúr in ghin nómhuirbhfed fer for leth Connacht, boí sein a coimét a seathar co m-berid a mac. Taínic inbaid na h-ingine, & rofug mac. Tangadar drúidh baidsidhe in maic i n-geintliucht gur chansat an m-baithis n-geintlidhe for in mac m-beg, & roráidhsit ‘ni ghinfi mac bhus ingairc oldás in mac so do Connachtaibh’,& ní bhíadh aidhchi gin chenn Connachtaigh for a chriss,& mairbhfidh fer for leth Connacht. IS ann sin roghabh
Conall Cernach didiu, .i. cearn robói assa lethchinn bá meítithir fría cobhraidh sceíth, iarna bhúalad a n-Albain im dhilsi mná. Is dé bá Cernach on mhudh sin.