Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 220

220

Tri Fothaidh .i. tri fósuith .i. sotha maithi íat. Nó Fothaidh .i. fotha suith iat, ar robí cétchlann Fuinchi íat. Nó Fotha[idh] .i. fóthaidhe .i. fochlith dorinne Mac Niad (.i. Mac Con) íat fría Fuinchi ingin Bhéinne BritBretan . Nó Fothaídh .i. fí (.i. olc) aeda (.i. tene) .i. tene nemhnech íat


p.378

ag orgain chlann & chinél. Nó Fothaidh .i. fó thádi .i. tathi maithi iat. Ar is táde cach lánamhnus. Is de sin isbert in drúi intan sin: Fochin taídhe día rochin in triar amne. Conad[d]é rolil Fothaidh íat.

Aendía & Trendía & Caendía a n-anmanna. Aéndía in t-airgthech, Trendía in cairpthech, Caendía Fothad Canann. D'aen thoirbirt rug Fuinchi íat a triúr do Mac Con. Bretha Fuinchi Aendía a tús aidhchi. Is de dobreth ainm dó, ar bá gin rígh ar febus in t-seoín. Tréndía a medónaidhchi; is de do breth ainm dó, ar threissi in t-séoin laisna déibh ann. Cáendía isin mhaidín, ar chaimhe & ar áille funghaire{folio 588b}] na maidne is aire is Cáendía dobreth dó do anmum.

Fothad Canann is de isbreth ó Chanainn .i. ón choin bái aigi. Unde Dinn Chanann a Maigh Life. Nó Fothad Caínidae .i. caín & álainn na dée intan nót-rucad.

Fothad Airgthech, is de isberar, ar issed innmhus bá h-annsamh lais, ar ba de a bhuinne níadh & a dhí falaigh & a mhuntorc óir & a chú & a ech.

Fothad Cairpthech isbreth dó ainm .i. issed slaibhri coníredh, mairc cona cairpthibh. Is fris conraítí Fothad Dolus.

Fothad Dolus .i. duallsighi. Disoillsighi .i. fer nóghnáthaighi siubhal a n-aidhchibh dorchaibh, ís de adebhrad Fothad Dolus fris.