Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 198

198

Fiacha Baicidha mac Cathair Mhair, cidh día n-debhrad? Ni ansa. Día tarla cath Mhuighi h-Agha etar Catháir Már & Conn mac Fedlimid Rechtada, dochomhraig Fiaca mac Catháir & Oilill Gabra do Thúathaibh Temhrach isin chath. Gonais Oilill Fiacha gur' thesc lúithech a choisi, co m-bái bacach de, conid [d]e robaí Fiacha Baicida fair. Fíacha Aiccidha do rádh rís .i. a n-aice a bhraithrech [.i. Rosa Failgi] do bí se, gin ferann do ghabhail ara óigi. Is dé sin aderthaí Fiacha Aicedha fris.