Aed Sláini, cidh día n-apar? Ni ansa. Ben ghnóiech robhoí ag Diarmaid mac Cerbhaill .i. Mughain inghen Concraidh meic Dhuach a h-Airgetros. Roba imrit tra in Mhugain sin, & ní ruc clann don rí. Roboí Diarmaid ag tréigin na righna de sin.
Dochuaidh in righan iarsin co Finnén Mhuighi Bile & co h-espoc Aedha mac Bricc, & accáinis friú a beith aimrit. Ro bhennachsat na cleírigh uisci di conus-ibh digh ass, & bá torrach sidhe. Issed ruc don toirrchis sin .i. uán finn. Am mairg-si de seo, ar Mugain .i. ceithir do choimpert. Ní h-edh bhías ann, or Finnen, acht bidh coisergud dod broinn indí sin .i. innsamhail an Uain nemhlochtaigh rohedbrad tarcenn in chiniudha dáenna. Robhennach in cleirech uisci aile dí & ba torrach sidhe{folio 579a} dé sin. Issed rochoimpir, bradán airgdidhe co n-eithribh órdha. Am mairg-si de seo,ar Mugain, & is mis-di damh a n-dénait na cleírigh frium, ar bid airdhairc ic feraibh Erenn in sgél sa. Ni h-edh bhías ann, or in cleirech, acht béra-su mac de, & bérat-sa in bradán lium, & dogéntar fethla lium de, & berair-siu mac díachinn & forberait a bhr[á]ithriu, & bidh lía rí uadh for Erinn innás óna macaibh aile. Maith lium, or Mugain, acht gura chomhaillter. Comhaillfither, or in cleirech. Dogní Finnén & espoc Aedha bennachadh na ríghna & bennachadh in t-síl rogheinfedh uaithi, & atnaig uisci don ríghain & ibidh digh ás, & fothraigis inn, & ro toirrchid in ríghan de sin, & beridh mac, & dobreth ainm dó .i. Áedh, & dob eissein Áedh Slaíne .i. roslánaigedh é ó na nethibh mínádúra rug an righan reime. Conid [d]esin asberar Áedh Slaine fris.
Maith tra in mac rucad ann íarsin .i. Áedh Slaine, & roba mhaith a chlann & a chinél déa eís .i. fir Bhregh.
ISberait foirenn aile co m-bad forsan abhainn díanad ainm Sláine rugadh Aed, conid [d]e rohainmniged Aedh Sláne. Nó coma[d] ó Aedh Slaine feisin isberar Slaine frissin abhainn dianadh ainm Slani asberar Slaine fria.