Corpus of Electronic Texts Edition
Cóir Anmann (Author: Unknown)

entry 41

41

Oilill Olomm, cidh 'ma n-apur fris? Ni ansa: ar ní roibhe croicinn na feóil for a chluáis íarna lomadh d'Aíne ingin Eogabhail a n-Druim Eoghamail. Ina chodlud dano robhói Oilill intán rus-lom an ingen a ó for a chinn, ar nír' fág an ingen día chlúais for Oilill acht colum na cluaissi namá. Duíscis Oilill iarsin asa chodlud, & do airigh go mór a ó 'arna lomad dond ingin, & ba h-annsum lais. Isbert Oilill: ‘Is ger in póg sin, a ingen!’ ar Oilill, ‘as lóm dofágais mó ó for mo chinn’. ISbert Aine {folio 569a} fri h-Oilill: ‘Do mharbhaisi mh'athairsi anocht, a Oilill!’ or Aine .i. Eogabal Sídhach. ‘Ocus agsin mo chuit-si do dhighail mh'athar fort, a Oilill!’ or Aíne, ‘& bid ainm sloinnti duit co brath, Oilill Olom’, Cona[d]dé sin rolil Oilill Olomm dé.

Oilill Aulom .i. aula regis .i. ríghthech ind rígh .i. lom a aula .i. a righdúi .i. a rí[g]thech, ar ní roibhe fíal tairís ar a bheódacht .i. ní roibhe fál na cumdach timcholl a thighi ar a omhan la cách.


p.306

41

Ailill cidh día tá? Ni ansa. Bá fergach Ailill fría h-Aíne ingin Eogamail don aithis tug aír, & bá tinn láis a lethchinn co mór iar lomadh a ó. Gabhais a t-sleigh coígrinn chuigi & saidhis triasan ingin gu talmain, gurus-bea in cóicedh rinn dí a cloich, gur'ba cam

H. has here the Latin contraction for quam

dé. Bá geis don t-sleigh sin a beín a cloich. Trí geassa robadar for in sléig sin Oilella .i. ba geis dí a beín a cloich: geis aile dí a cur fo dét día dirghuth: geis aile di bén do mharbad lé. Rocoilled na geassa sin la h-Oilill intan sin, ar rochuir Oilill in rinn bói cam

H. has here the Latin contraction for quam

for in sleigh sin Oilella fo dhét día dírghuth. Ind neim & in duabhais dobhói a rinn na sleighe nemhi do chuaidh a n-dét Oilella. Rob olc tra la h-Oilill indí sin & dorinne olc mór dó, ar ró chorb a anáil & ro dhubh a dhét, & do lom an ingen a ó for a chiunn. Tri h-aithisi Oilella sin gein bhói a m-bíu. IS aire sin adubhrad Ailill frís .i. aíl oll .i. is oll in ail fil forsin fer. Ailill Olom a ainm iar sin la cach. Mais mac Moga Nuadat a ainm gó sin. IS de sín trá robhoí in fiacail fidba (.i. neime) a cinn Oilella iarsin. Ind neim dobhói a rinn na sleighe dochúaidh a n-dét Oilella, ro dhubh in dét & do mhorg a anáil ó neimh dochuaidh ina dhét. Tainic olc na fiacal sin ré h-Oilill co mór íar sin, ar bá bailedhach é co minic o neim na fiaccal,{folio 569b} & ba dall e fó dheóidh.