Corpus of Electronic Texts Edition
Machtnadh an Duine Dhoilghiosaich (Author: Seághan Ó Coileáin)
p.234
Seághan Ó Coileáin ró chan.
- 1] Oídhche dhamh go doilg, dúbhach,
2] chois fhairge na dtonn dtréun,
3] ag léursmuaíneadh a's ag luadh,
4] air chorraibh chruadha an tsaoghail,
- 5] Bhídh an ré 's na réulta suas,
6] níor chlos fuaim toinne ná tráigh.
7] 's ní raibh gal ann de'n ngaoith
8] do chroithfeadh bárr craínn ná bláith.
- 9] Do ghluaiseas ag machtnamh a 'm aon,
10] gan aire agam air raon mo shiúbháil,
11] dorus cille gur dhearc mé,
12] 's an gconair réidh ar mo chionn.
p.236
- 13] Do stad mé 's an dorus tsean,
14] 'nar ghnáith almsanna a's aoídheacht,
15] d'á ndáil don lobhair agus do'n lag,
16] an tráth mhair luchd an tíghe.
- 17] Bhídh forradh fiar air a thaobh,
18] is cian ó cuireadh a chlódh,
19] air a suigheadh saoíthe a's cliar,
20] a's taistiollaich thriallta an róid.
- 21] Shuidh mé síos le machtnamh lán,
22] do léigeas mo lámh faoí m' ghruadh,
23] gur thuit frasa diana déur,
24] ó'm dhearcaibh air an bhféur anuas.
- 25] A dúbhairt mé ann sin fá dhíth,
26] a's mé ag caoídh go cúmhach,
27] Do bhídh aímsir ann 'n a raibh,
28] an teach-so go soilbh, súbhach.
- 29] Is ann do bhíodh cloig a's cliar,
30] dréuchda a's díadhachd d'á léughadh,
31] córaídhe, ceatal agus ceól,
32] ag moladh mórdhachda Dé.
p.238
- 33] Fotharach fholamh, gan áird,
34] agus so is aésda túr,
35] is iomdha easgal agus gaoth,
36] do bhuail fá mhaol do mhúr.
- 37] Is iomdha fearthainn is fuacht,
38] agus stoirm cuain do chuiris dhíot,
39] ó tíodhlaiceadh thú air dtúis,
40] do rígh na ndúl mar thígheas.
- 41] A Mhuir naomhtha na mbeann nglas,
42] do b'órnáid do'n tír-so tráth,
43] is diombáidh dian liom do scrios,
44] agus cur do naoímh air fán!
- 45] Is uaigneach ataoír anois!
46] Ní fhuil ionnat córaídhe ná ceól,
47] acht sgréuchadh na gceann-cat
48] ann ionad na psailm sógh ail!
- 49] Eídheann ag eascar ós do stuaigh,
50] neanntóg ruadh a'd úrlár úr,
51] tabhthann caol na seannach seang,
52] a's crónán na n-eas a'd chlúid.
p.240
- 53] Mar a nglaodhadh an fhuiseóg mhoch,
54] do chleir ag canadh na dtráth,
55] ní fhuil teangadh ag corruídhe anois,
56] acht teangadh ghliogair na gcág.
- 57] Tá do phroínnteach gan bhiadh,
58] do shuan-lios gan leaba bhláith,
59] do thearmoinn gan íodhbairt cliar,
60] ná aithfrionn do Dhia 'g á rádh,
- 61] D'imthigh do luaim a's do riaghail,
62] a's do chualacht fá chian cháidh,
63] och! ní fhionnaim anois fá'd iadhadh
64] acht cárnán criadhta cnámh.
- 65] Och! anfhorlann a's an-uaill,
66] anbhroid, an-uais agus aindlíghe,
67] fóirneart namhad a's creachadh cruadh,
68] d' f[h]úig uaigneach tú mar taoír!
- 69] Do bhídh-sa féin sona seal!
70] faraoíor do chlaochloidh mo chlódh!
71] tháinigh tóir an t-saoghail a'm aghaidh,
72] ní'l féidhm orm acht brón!
p.242
- 73] D'imthigh mo luadhaill a's mo lúth,
74] radharc mo shúl agus mo threóir,
75] táid mo cháirde agus mo chlann,
76] 's an gcíll-si go fann ag dreóghadh!
- 77] Tá duairceas ar mo dhreach!
78] tá mo chroídhe 'n a chrotal cnódh!
79] dá bhfóirfeadh orm an bás,
80] budh dhearbh m'f[h]áilte fá na chómhair!