Corpus of Electronic Texts Edition
La lamentation d'Irlande (Author: unknown)

Déorchaóineadh na hEírionn

{MS page 10r}
  1. 1] Gan bhrígh, faraór, ata mo chéatfa,
    Ata mo spiorad adul sna héaga;
    Atáid mo shúile na muir theachta,
    Siád mo dheora mo chothugha laethuil.
    5] Nil ann mo bheatha acht annró a neíniocht.
    Ta mo chroidhe bocht da reabadh,
    Stáid mo smaóinte do mo ghéurghoin,
    Ag caóidh go cráite staid na hEírionn,
    Gan sógh na sult ag eínnach
    10] rugadh riámh ar chlár Eímhir.
    Ag so dhuitsi mo sgéulsa,
    Re nairistir gach fuighiol a heachta.
    Do cháillsi a puimp sa stat a néiniocht.
    Do dibreadh tar farrige a treínfhir.
    15] Ataid a teampla mar barr peine
    Gan altoir, gan aiffrionn, gan sleachtuin,
    Na stabluighe each, is truáilligh an sgeulso,
    No gan cloch clochuibh re cheíle.
    O bhí clann Isráel san Eíghipt
    20] Faoi bhruid sfaói dhaóirse a neíniocht,
    Nir sgrióbadh a leabhar sni fhacuigh éinneach
    Annro mar annro na hEírionn.

    p.155

    Do díbreadh uáinn aódhuirighe an tréada.
    Sinn an tréad seachranach, creachtach
    25] O madruighe allta bheith dár léubairt,
    Sgan ar leighios ar láimh éinneich.
    Mar bhfhéacha Día ar ar neigion,
    Sdimhin go brach cur cailliodh Eire.
    Furtuig sinn, a tigheárna an tréineirt,
    30] Do bheir buaidh ar shluaite d'einnfhear.
    Toig du sgíursa do shíol Eímhir.
    Cneasuigh ar gcneadhthach redo créachtaibh,
    Sna doirt oruin thfhearg a néiniocht;
    Ni dheanam coirteadh haighe dá eised.
    35] Is iongnadh re óighibh n hEírionn
    Balluighe a mainistreach do bheith réabthadh,
    A ngeanamnuigheacht fein ar na treigean
    Is drúis na háit ag dul a néifeacht.
    Nil aódhbuirt gan cháigh a neínteach;
    40] Tombuighe briste sculuigheacha cleíre
    Sgach dísleacht eile do bhi a nEírinn.
    A nísligh bhrigh do chúaidh mo léansa.
    Gach seanlaóch, gach leanabán, gach treínfhear,
    Ar nógáinaigh sar mbantracht phéacach
    45] Caóianach, gioránach, éagnach,
    Dul faói ghallsmacht no ar farruige ar eigin.
    Ar nduthuigh dhílios gan toradh déise,
    Gan mhaóin, gan eallach acht féur léirglas.
    Taid ar ndíolleachta amhnan tréalag.
    50] Do shiubhail gort is plaigh ar Eíre
    Sgach sgiursa eile dar bhfhéidir;
    Ni hairistear fós fuighioll a peíne.
    Gidheadh, faraór mór1, is léar dhamh
    Go bhfhuil bogha fós an aírdrigh gléasda
    55] Sa bholgán saighiod faoí shaighdibh géara,
    Gach saighiod diobh ar ti ar ngéarghoin
    O bhunn ar ccos go clár ar néaduin,

    p.156

    Ag lot ar gcraoithe sa reabadh ar bfheítheach;
    Nil ball dar mballuibh nach bhfuil creachtach.
    60] Dimidh a nainnis oruin a néinfheacht.
    An bocht san saibhir, an fann san treínfhear,
    An tighíarna le ghaothuigheadh na céata,
    An calma neartfur sfear a cheachta,
    Ta túaith is eagluis faói éanghoín,
    65] Sa chroich ar ghúaluinn gach éinfhir.
    Ni haithne dhamhsa ni faóin speirsi
    Ta fabharthach, cairdeach lis na Gaedhluibh,
    Acht an farruige amháin ar eígin
    No an ghaóth do sheolus go reuphort
    70] Luingis ler tturas as Eírinn.
    Se fath fós bfuilidso reidh linn,
    Mar mhéadmid an muir ler ar ndéaradh,
    San ghaoth seachranach leir neímheadh.
    Ni fhaicmíd na flaithemhnuis reidh linn;
    75] Ni chluinmíd ar ngearan eísdeacht.
    Ta an talamh tar eís ar dtréicthidh
    San choill do bheir didion don éanlaith,
    Gach aill, gach úaidh sgach barr sléibhe,
    Gach cnoc, gach loc sgach léuna.
    80] Ta'r gcorudh gan guth cleíre,
    Gan inte acht mna ag eímhghe,
    Ag tarruing a bhfholt le saóbh céille 2
    Ag caoine go craite dheiridh na Feine.
    Ta feadaín ar norgán réabtha;
    85] Do chaill ar gclairseach a crann gleasta
    Le sinnfighe cumuigh na hEírionn.
    No go bfille tar farruige na tréinfhir,
    Nil furtacht aguin acht léurghul,
    Sgreadach, bualabas no éimhghe.
    90] Ni neart sluaigh, ni hearbuidh beatha,
    Ni marcshluagh gall dar ghluáis o Bhreatuin,
    Ni clíth cumuis, ni díth spracuid
    Do chuir sluáite na hEirionn cum ratha

    p.157

    Sdo chuir tromdháimh mhór ann a mbailte,
    95] Faraor, faraór! acht méad a bpeacaidh.
    Siud sinn anois ann sa teallach
    Ann a bhfheachtar gach miotal bradach,
    Ghlanas an tór ó gach salach.
    Sfiór dan Sgríoptuir gach ni da nabuir:
    100] A deir gurb anró leighios ar ngalair;
    Le aithrighe gheabhuimne maithfeachas
    Is aisiog ann gach ni dar cailleadh.
    Ag so sios suim ar bpeacuidh:
    Leatrom na mbocht, goid is bradúil,
    105] Moide mora ar leath taca,
    Ar nanam do thabhairt don fhear is measa,
    Ba treise ar núabhar na ar mbeatha,
    Ba treise ar bhfhiacha na ar dtacar.
    Le treatúireacht do caille Eíre
    110] Slé mírún na bfear da chéile.
    Ni raibh breitheamh do bhéuradh eísdeacht
    Do lucht leatruim, anam a neígin;
    Deoránuigh is baintreabhachadh ag eimhghe
    Gan ceart, gan smacht dhéanadh.
    115] Ni rabhamar a ríamh a luib a cheile,
    Acht bo faoí cheangal is bo faoi reiteach;
    Nir frith umlacht choir o aeneach.
    Carúscadh ag ceannfurt na hEireann.
    Anuair bhi naimhdibh ag dheanamh feadhma,
    120] Totáil anam abheith ghleasda,
    Ceannairge nar bhfhuras do réiteach,
    Cuid a deise aig a bfear is treine.
    Is fada riam le horchóid Eíre;
    Is mar so criochnaigheadh cogadh na nGaeluibh.
    125] Fillmuíd anois is athruighiom béusa,
    Deanmuid aithrighe nar bpeacuidh a néinfheacht.
    Smar so tanicc Israéil on Eíghipt,
    O thigh na daoírse is o gach eígionn.
    Maitheadh do Niniue gach a ndéurnaigh,
    130] Is fos do Peadar Xp. do shéanadh.
    A naoimh na hEírionn, eírgidh go leír nois.

    p.158

    A Phadruicc, budh lér beanuighe a treadso.
    Siúd sinn díbeartha, siúd sinn treígthidh;
    An smearóid múchtaidh, sgan tú seídeadh.
    135] An trom do cholladh no an mall theisdeacht,
    Nach dtugann tu toradh ar eíneach?
    Mosgail tráth, na bíodh mar sgeul ort
    Nach bfuil furtacht a ndan do Ghaeluibh.
    Síud, a Phadruicc, mfhíarrán feín leat,
    140] Go nabruid naimhde na cleire
    Nach bhfhuil agud cluás le heísdeacht,
    Snaib goillionn gearan na nGael ort;
    Sda ngoilleadh, nach bhfhuighdis éura.
    Gideadh bi linn sbi le treíneart,
    145] Sbiadh slan ar namhad go brach fa Eíre.