Corpus of Electronic Texts Edition
Aiste Dáibhí Cúndún (Author: [unknown])

p.35

  1. Is buartha an cás so 'dtárlaig Éire,
    'na buaile phráisg dá cárna ag méirlig,
    an uaisle ar lár gan fail ar éirghe,
    'na gcuail chnámh atáid a laochra.
    5] Mo thrua a mná i ndáil a chéile,
    ag uaill 's a' gártha, a' fásga a méar lag,
    ag buain na gciabh go dian dá bpréamhaibh,
    ag túairt na mbas go prap dá chéile,

    p.36

    's ag sile na súl go dúch i ndéaraibh.
    10] Och mo chrá! níl fáil ar réiteach.
    Is fíochmhar spáirneach atáid na spéartha,
    an ghrian ar eachaibh ag tarraing fá néalaibh
    is í le hathadh le Saturn fraochda.
    Le hiomad blian i ndiaig a chéile
    15] tá an t-éasga ar lasa ag taisdeal na spéire,
    tá an fhuil le faicsin i dTeachta na nDéithe,
    's ni mheasaim gur taise don mheardruin Vénus,
    is tá comet reannach ag bagar gach aonuilc.
    D'fhág súd na daoine bruíneach pléideach,
    20] is táid na críocha cíocrach faorach.
    Táid na ríochta gan rí gan saorfhlaith,
    is táid an uaisle buartha ón dtaom so,
    is táid na pobuil faoi choga is faoi spéirling,
    is na boicht go doilbh ag cosnamh ha hÉireann.
    25] Is dóibh is measa liom sparainn na spéartha
    's a mbeith cráite is fá dom dhéaraibh,
    dá gcur ó áit go háit gan réspect,
    gan díon aige taoiseach ná ag préamhfhlaith,
    gan duine díobh 'na thír dá léigean
    30] acht ruagairt gan fuara ar a dtréanaibh
    's a sult go Connachta uile dá léirchuir.
    Cuid dá ndícheanna díobh le héitheach

    p.37

    is cuid dá ndíol is na críochaibh daora
    ag déanamh sochair do bhodaig an Bhéarla.
    35] Scum na Sagsan is na bailtibh fa thréine
    ag mille na coda dár fosgadh ar éigin,
    dá leadra, dá gcnapa is dá spréacha.
    Och! monuar, mo bhuairt lem shaogal!
    Och! mo thrua, níl suan i ngaor dham!
    40] Táid mo chluasa ón mbuairt gan éisteacht
    is táid mo shúile múchta ó dhéaraibh.
    Nílim balbh, mo labhairt ní léir dham.
    Níl dáil sgartha agam theangain rem dhéadaibh.
    Tá duig am cheann is treighid am thaobh deas.
    45] Tá mo chruí gan bhrí 's mo chéadfa.
    Tá mo mhisneach go haimhneart 's mo ghéaga,
    mo lámha gan osa 's mo chosa gan éasgacht,
    mo bhéal le hathadh ag ceangal dá chéile.
    Níl lúth ar m'aire ná caitheamh na ngaethe,
    50] rith ar faithche ná ar mhachaire fhéir ghlais.
    Ní ghráim an seabhac, ní marcach me ar stéideach
    Ní bhfaghaim radharc ar ghadhar na spéasrach.
    Ní leanaim an fia go dian fá shléitibh.
    Níl mo thoil do sgoil na n-éigeas.
    55] Ní labhraim ceachtar díobh, Laidean ná Béarla,

    p.38

    is orm is dall Franncais is Gréigis,
    ní chanaim Spáinnis ná ráite Éibhir
    is teanga mo mháthar, mo chrá má's léir dham.
    Ní sheinnim go sámh ar chláirsig théidbhinn.
    60] Ní imrim áce ar tháiplis thaobhthais
    's i n-imirt na gcárt an t-ás ní léir dham.
    Fá mo smúinte cúrsa an tsaogail.
    Cé hiomdha dúithche, cúirt is aolchloch,
    cé hiomdha baile, cathair is tréantor,
    65] cé hiomdha ríocht is críoch is saorthreibh
    do thaisdil mo chos ón bport go chéile,
    mo chrá má b'fhollas dam modh i gcrích Fhéilim
    i n-áit dár ghabhas ná i mbaile dár fhéachas.
    Do bhíos san each do cheapadar Gréagaig
    70] ar ndul asteach i mbaile na Trae shoir.
    Do bhíos am sgolaire ag imeacht mar Aongus
    an uair do briseadh a loingeas ó chéile;
    do chuas don Chártage le hárdmhac Vénus
    an uair do chealg an ainnir dheas déidgheal.
    75] Do chuas le Jáson go hárus Médea
    i gcoinne na holla lér tolladh na laochra.
    Do bhíos i dtímcheall an ímpire Caesar

    p.39

    an uair do dhíothchuir Puímp 's a thréine.
    Do bhíos i gcamptha an Fhranncaig fhraochda
    80] is ansa trúp do thiúnsgain Séarlas
    dá chuir go Rí na ndúl le sgéalaibh.
    Le hAlasdram Muar do chuas ó Ghréagaibh
    ag taisdeal na gcríoch 's gach tír dá léirsgrios,
    ar ndul don Ásia, don Spáin 's don Égypt,
    85] Eóraip is Afraic nuair cheangail fá aonsmacht.
    Do bhíos am Shampson an chúil chraobhaig
    ar gcur na bhFilisteanach uile faoi dhaorbhruid.
    Do bhíos am Maoise, an tsaoi gan éalaing,
    an uair thug a luingeas ó fhuirinn na hÉgypt,
    90] clann Isra-íl 's a mbuíon i n-aonacht
    tré lár na mara 'nar basgadh na céata.
    Do bhíos am Thítus ba líonmhar tréine
    ar dtógbháil cathrach Jerusaléma.
    Do bhíos san Róimh nuair d'fhógair Néro
    95] an chathair do dhó 's a stór 's a gréithre,
    's am Musidórus ba chróga i gcéidil
    is am mhac Eabhrach d'aistrig 'éadach
    tré ghrá na mná dob' áille mhaorga.
    'S am Rí Artúir an Bhúird chaomhchruinn

    p.40


    100] ar ngeimhle a halla le chéile
    ar Mhá na n-Iongna le Ridire na Gréine;
    do bhíos am Mhadra .i. Alasdram éachtach
    ag taisteal gach críoch ar sgaoile a spéasrach.
    Do bhíos am Ghalfas ag tabhairt gach aonchath
    105] ar thóruíocht soithig na druinge naofa.
    Do chuas le hEarcuil go Cerberus tréinteann
    an uair thug amus ar chonnsgar Théseus.
    Do sporras 'na dhiaig sin ag tíacht don taobh so
    d'fhéachain saoithe is laoichre Éireann.
    110] Do bhíos am Chonall 'na cholla i mBinn Éadair
    an uair leig Eithne chum loinge gan spéirling,
    's i gcath Mhucruimhe ba tubaist mo sgéalta,
    do ghabhas lot go docht am thaobh deas.
    Do bhíos am Osgar i gcosgar na mbéimeann
    115] an uair d'fhág na catha 'gus Cairbre créimeach.
    Do bhíos am Chonn nár chrom ó chéidil
    ar tháin an tailimh lér threasgair na laochra,

    p.41

    's am chloinn Uisneach nuair sgiobadar Déirdre
    do chuir Rí Uladh ar cuthach le héad leo.
    120] Do bhíos am Lúig ba lúbach géaga
    ag buain an fhearainn do Bhalar na mBéimeann;
    's am thriúr cluinne Tuireann léidmheach,
    i gcuinne na muice mo thuras don réim sin;
    am Mhac uí Dhuibhne san mBruidhin Chaorthainn
    125] is ar thóruíocht Shaidhbhe, an bhraighidgheal bhéusach;
    i gcath Fionntrágha mo dháil ba phléideach,
    cíos na hainnise chailleas mar mhéirlig.
    Do bhíos am Chonn ag tabhairt gach aonchath;
    do chuas le Niall nuair thriall a hÉirinn,
    130] is tug géille an taoibh shoir leis ar éigin.
    Do bhíos ag fosgain Lochlann ón dtaobh so
    an uair do threasgair Maoileachlainn Turgésius,
    is i gcath Chluana Tairbh inar basgadh a dtréine
    an uair do thuit Brian is Murchadh i n-aonacht;
    135] i gcath Ruis na Rí is Muighe Léana
    's i gcath Muighe Tualaing chruaig na mbéimeann.
    I n-áit dár ghabhas ní fheaca is níor léir dham,
    's a bhfuaras ó Aoibhill na Craige Léithe,
    na ó Chliona an tsí-bhean mhaorga,
    140] ná ó Áine an bhánfhlaith bhéaltais,

    p.42

    ná ó Fhionnlag bhannda bhéasach,
    ná ó inín Deirg, an ainnir ghlan déidgheal,
    ná ó mhnaoi ar bith díobh dár fhéachas,
    ná ó Dhonn Fírinne, saoi na saorchleas,
    145] ná ó Ghearóid Iarla, triath na gcaol-each,
    ná ó Mhacaomh Innse Creamha níor éisdeas,
    ná ón tsaoi nuíanta Síomon aosda,
    ná ó Fhuaim Tuinne ba chlisde ar na gaothaibh,
    ná ó Bhrog na Bóinne 'nár chómhnaig Aongus,
    150] ná ó bhruín do bhruíontaibh Éireann,
    ná ó Bhrog na Bóinne 'nár chómhnaig Aongus,
    ná i leabhraibh fáig, mo chrá! má léasa-sa
    ná i sórt staire dár ceapadh san tsaogal
    samhail an turais si d'imig ar Ghaeulaibh.
    Do léas leabhair seannda na nGréagach,
    155] is gach stair dár ceapadh i dteanga na n-Éabhrach,
    is gach ar sgríobhadh ar Phuímp is ar Caesar
    is gach ar smúinig Plútarch d'fhéachas,
    's ar sgríobh Hómer, rós na héigse,
    's ar sgríobh Virgil ar imeachtaibh Aonguis,
    160] 's ar sgríobh Cicero i gcoinne ne méirleach,
    is gach ar deachtadh le Hector Boetius,
    's an méid do canadh le Marcus Aurelius.
    Saltair Chaisil is dearbh gur léir dham,
    Leabhar Ghlinn Dá Loch gan ghó do léas-sa

    p.43


    165] Leabhar Buí Moiling is Leabhar na n-Aosa,
    Leabhar Molaige is Oirecheapt Chionnfhaolaig,
    is Leabhar na gCogaí or bh'osnadhach céata.
    An Réim Ríogra is fíor gur léir dham,
    Amhra Choluim na bhfocal naofa,
    170] is mórán farrais ná fachtar i n-Éirinn.
    Dar mo bhasa, ní fheaca is níor léir dham,
    annsna starthaibh do chanaim san méid sin,
    samhail peannaide an tailimh si Fhéilim.
    Do-bheirim go deimhin le linn na n-Aosa
    175] ó Ádhamh go bátha an tsaogail,
    is ón mbátha go hÁbhraham naofa,
    is ó Ábraham go Dáibhí Réxa,
    is ó Dháibhí annsan go bruid na saorchlann,
    is ón mbruid arís go teacht Chríost dár saora,
    180] is ó theacht Chríost go críoch an tsaogail
    nach raibh, nach fuil is nach baogal
    do chur ar fhuirinn dár geineadh ó Éabha
    samhail na bruide fár cuireadh críoch Fhéilim.
    Anois tráchtfad páirt dá sgéalaibh,
    185] bíodh gur páis ar bhárr mo phéine é.

    p.44

    Is tinn an aithris dam eaglais Éireann,
    mar chím i n-easba a sagairt 's a cléirig
    tar taobh don talamh tug tabharthas naofa,
    a dtréad ar machaire, a marbhchuirp spréachta
    190] 's a gcinn ar sparraibh mar cheannaibh na bhfaolchon.
    Cuid dá gcnapa 'na gceannaibh mar mhéirlig
    is cuid tar farraige ag seachna an éirlig.
    Is baintreach gach teampoll le tréimhse
    is táid a mainistreacha dá dtreasgairt gach lae aca,
    195] 's an méid dá n-eaglais sheasmhas ar fhéar ghlas.
    Mo thrua is measa liom caille a dtréada
    is gan buachaill aca chum seasaibh san éigin.
    Monuar is measa mar mhairg ná'n méid sin
    a mbuaine i bpeaca 's gan aca an té réifeadh.
    200] Mo chrá má mheasaim gur taise dá laochra.
    Atáid dá ngearra 's dá gcreacha gach lae aca,
    's a bhfuil gan leaba acht aiteann an tsléibhe,
    seisg an churraig is ruide fá 'dtaobhaibh,
    fá shioc, fá shneachta, fá fhearthainn, fá ghaothaibh,
    205] gan greim re hithe acht biolar is féar glas,
    samha na gceapach nó seamair na ré-chnoc.
    Och monuar! an uaisle ar dtréigean!
    Do measadh a stát is tá ar láimh na méirleach,
    is táid a mbailte faoi bhastartaibh Béarla,

    p.45


    210] is táid a gcartacha daingean le tréimhse
    ar láimh na nGall nach ceannsa céadfa,
    is a ndúnta faoi mhúnlach lucht céirde,
    is gan dá ndaingeanacha aca le féachain
    acht príosúin dhubha nó tithe na ngéibheann.
    215] Cuid dá gceannaibh ar sgarthain re a gcaomhchorp,
    is cuid i nglasaibh don ghorta go n-éagaid.
    Cuid dá bhfosgain go Connachta an éirlig
    faoi ghlas na Sionna nach fuiris a réiteach,
    's an lón diamhair do bhiathadh a mbéiltir
    220] i n-árus chlúimh fá stiúsaí an eithig,
    's gan le rá mar shásamh d'aonneach
    acht a rogha aca bás d'fháil nó éirghe.
    Transplantátion dá rá i n-éifeacht.
    Mo thrua a gcumas ar n-imeacht a bpréimhe!
    225] A gcinn chum cláir go brách ní léigfear.
    I dtaobh an íoca bíd fá ghéibheann.
    Caithfid an dlí si Chríost do thréigean
    is briathra Chailbhin do ghlaca mar phrécept.
    Cé do gheallas duit dearbh na sgéal so,
    230] mo chrá má chím cá slí 'na ngéabhad.
    Níl sórt peannaide le haithris fá néalaibh
    do phláig, do ghorta, do choga, do chréimibh,
    nár thairg tíocht don chrích si Fhéilim,

    p.46

    ó lá an Bhealaig 'nár sgaipeadh na céata
    235] is ó lá an Leasa 'nar cailleadh na laochra
    is ó lá Chnuic na nDos ba dhéarach
    ionar fealladh ar Alasdram éachtach.
    Bíodh gur cailleadh sgata san Léith-chloich,
    an chlú an uair cailleadh, chuaidh ainm i n-éaga.
    240] Is ón lá tháinig Táaf mar léader
    do bheir chum ceana do ghlaca 's do thraocha
    nó chum dísle 'shíne ar mhéaraibh
    nó chum coga do chosnamh ar bhaogal.
    I n-áit a gcreidimh ó bheireadar géille
    245] 's ó tugadh masla do theachtaire an phréamhfhlaith,
    's ó cuireadh sgaipe ar an eaglais ó chéile,
    's ó cuireadh le bárr nirt Clann Márgan a hÉirinn,
    's ó lá an aitinn do ghlaca dá léana,
    's ón lá briseadh i nDuibhlinn a dtréine
    250] 's do bhádar 'na sodar ó Life go Léithghlinn,
    ní raibh mo shúil i rún le Gaeulaibh.
    Siúd an uair ba dhual bheith déarach,
    siúd an uair do bhuair an taobh so.
    Siúd an lá cailleadh a sagairt 's a gcléirig.
    255] Siúd an lá ionar thráig a dtréine,

    p.47

    Siúd an lá ionar crádh a laochra.
    Siúd an lá do bhí a gcás le réiteach.
    Siúd an áit ionar fágadh Éire.
    'S ón lá fuair Cromuil an chonair 'na slaodaibh,
    260] 'nár sgaoil fá chumas an brusgar so an Bhéarla
    ar fuaid chupaird is chláir an t-ár 's a' t-éirleach,
    is tug i nDroithead Átha an t-ármhach créachtach,
    ar mhnáibh, ar leinbh, ar fhearaibh is ar laochra,
    is tug an sgíomhal so tímcheall Éireann,
    265] 's ón lá cuireadh fá thubaist críoch Laoghaire,
    ionar glacadh go fíor a ndlí 's a bprécept,
    siúd mar dhlí go glinn dár ndaora.
    Inneósad páirt dá gcás má fhéadaim:
    caithfeam ár gcreideamh fá dheire do shéana.
    270] Níl cead le fáil chum lámhaig ar ghaethibh,
    ná marcachas ar eachaibh an fhéir ghlais,
    ná snámh go leabhair ar abhannaibh tréana.
    Ní leómhthar pionnsa 'thionnsgna ar aon chor,
    iomrasgáil ná trácht ar léimrig,
    275] ná ar aon tsórt airm dár ceapadh i n-éifeacht.

    p.48

    Prioca práis 'na láimh ní léigthear.
    Gach a measaid bheith óg ní leómhaid ar aon chor.
    'Sé chanaid gan ghó gur Rogue nó méirleach.
    Ní fhoidhnid teagasg ar Laidin ná ar Ghaelge
    280] ná d'aon bheith gasda 'sna healadhnaibh saora.
    'Sé is cúis bhunaig, mar thuigim, don méid sin:
    mallacht an Phápa gach lá dá léirsgrios.
    Siúd an ní do-bheir Gaoil fá mhéala,
    do-bheir ár mná faoi ghártha a' géarghol,
    285] do-bheir an phláig ins gach áird dár dtraocha,
    do-bheir ár n-aibhne ar díth éisge,
    do-bheir an talamh gan tartha le chéile,
    do-bheir dath fola ar shrothaibh na hÉireann.
    Guím thu, a Mhuire, & fortaig an taobh so,
    290] a bhuime na mbocht nár loc ón réiteach.
    Guím Eóin Baiste 's na hapstail le chéile,
    naoimh an domhain i bhfuirm mar adéarfainn,
    do chur a nguí chum Críost dár saora
    ón mbruid, ón bpeannaid is ón ngéibheann
    295] 'na bhfuilid Gaoil, mo dhíth, le tréimhse.
    Is dá ndáileadh Dia d'aontriath do Ghaeulaibh,
    d'uaislibh Táil nó don Chárrthfhuil thréanmhair
    do ghlacfadh do láimh i dtráth an éachta,
    do chuirfeadh an t-ár le lánchath chréachtach,
    300] is do chuirfeadh tar ais le slait na méirlig,

    p.49

    cé nach buan ón mbuairt mo shaogal,
    am shrón, dar Duach, an t-uar do shéidfeadh.
    Yes, by Gad, I'd swag my béaver.
    Ní léigfinn mo chluas do thuargaint d'aonneach.
    305] To kick my arse ní rachadh gan spéirling,
    To break my chaps mo chreach da léigfinn
    le haonmhac boduig dár choguin an Béarla
    gan bheith 'na bhruicill 's a shiolla do léirchleith.
    An uair nach faighim-se leigheas na gcréacht so,
    310] leagfad mo shúile dúnta i n-aonacht,
    ní chuirfead cor dom chois go n-éagad,
    bíodh Críoch Fáil mar atá le tréimhse,
    go dtigid grása ó árdMhac Dé ghil,
    315] 'na buaile phráisg dá cárna ag méirlig.