Corpus of Electronic Texts Edition
An Síogaí Rómhánach (Author: [unknown])

p.17

  1. Innisim fís is ní fís bréige í.
    Le ar súile dúinn ba léir í,
    le mo chluasa do-chualas féin í,
    í ní cheilim, deirim, déarad.
    5] Lá dá rabhas ar maidin am aonar

    p.18

    annsa Róimh ar órchnoc Céphas,
    lán do ghruaim ar uaigh na nGaol san,
    sínte ar lic ag sileadh déara,
    fá bhfuil dias dob' fhial fá shéadaibh,
    10] le n-ar grámhar ábhar m'éagnaigh,
    Iarla mór Thíre Eoghain Neill mhir
    is Ó Domhnaill na n-órlann bhfaobhrach
    cé do chífinn ar mhaoilinn an tsléibhe
    15] acht fíormhaighdean bhraighidgheal bhéasach
    do bhain an bárr go bráth do Vénus
    is do Mhinerva i ndeilbh 's i ndéanamh.
    Is maith do figheadh a braoithe caola,
    do bhí an t-ór i meon a céibhe,
    20] do bhí an sneachta 's a' lasair 'na héadan.
    Adubhairt liomsa san mball chéadna
    do ghlór mhilis ba bhinne ná téada
    druidim suas ó uaigh na dtréinfhear.
    Ba fada a caoi 's a croidhe dá réabadh.
    25] Fá dheireadh thiar i ndiagh a saothair.
    do thog sí uaill ba trua le héisteacht,
    do bhainfeadh deóir go leór as cléircibh
    's do bhainfeadh osna as clocha dá mb'fhéidir.
    Leis an bhfaoidh sin do shín si a géaga

    p.19


    30] ag dearcadh suas go cruaidh ar néallaibh,
    's do labhair sí le Rí na spéire,
    lán do channtlamh annsa réim si:
    A Dhia mhóir, an deóin libh m'eisteacht,
    nó an misde ceist bheag éigin
    35] do chuaidh i ndaingean ar mhacaibh léighinn
    d'fhiafraidhe dhíot ós díbh is léir í.
    Atáim ar mearbhall i n-ainbhfios sgéala,
    óir más ionann do tharraing gach éinneach
    coir na sinnsear do rinne an chéidfhear
    40] Ádhamh ar n-athair do mealladh le hÉabha,
    créad fá n-iarthar trian na péine
    ar aonphór níos mó ná 'chéile?
    Créad fá saorthar gach daor éigceart
    is nach bí saor nach daorthar é seal?
    45] Créad nach baintear le dair bhréin bhig
    is crann an toraidh dá chrothadh 's dá réabadh?
    Créad fa gcrochtar bocht gan aonchoir
    is sliocht na n-olc i dtoice an tsaoghail?
    Créad an tocht nach sgriostar éircigh
    50] 's gur buan a dtóir i ndeóigh na gcréidmheach:
    Créad nach feanntar clann Luitéarus
    is clann Chríost dá gclaoi go n-éagaid?

    p.20

    Créad nach trua na huain dá dtraochadh
    is na mic tíre ag inghreamadh an tréada?
    55] Créad an ceart fá leagtar Éire
    is le n-a gleó nach mór go n-éistear?
    Créad an choir noch tugtar ar Ghaeulaibh,
    dream do dhiúltaigh d'iúlaibh géilleadh?
    Óir ó tháinig Pádraig naomhtha
    60] leis an gcreideamh go hInis Éilge,
    níor bhain traochadh, gaoth ná éclips,
    fóirneart eachtrann ná leatrom dá ghéire
    creideamh Chríost as croidhe na nGaol so.
    Do bhí a gcoinneall mar loinnir na gréine,
    65] do bhí a n-athainne gan chaigilt ag spréachadh,
    is níor thuit smál ná cáidh ná aonspot
    ar feadh na Fódla ar phór Mhilésius.
    Och, a Chríost! is fíor an méid sin.
    Créad tá uait nó an rún leat m'éisteacht?
    70] Nó an é is áil leat go bráth gan féachain
    ar an gcuaine is buaine ' dréim leat
    fá na Gallaibh dá bhfeannadh le héigceart?
    'S gurb é a n-agallamh glafarnach Bhéarla,

    p.21

    lucht an fhill do thuill a dtréigean,
    75] do chuir druim le cuing na cléire
    is do-ní cnáid fá mháthair an Éinmhic.
    Is leo nach mian do Dhia seal géilleadh
    acht an creideamh do sgriosadh le héirceacht.
    Ní áirmhím Henrí an chéidfhear
    80] do léig go truaillidhe uaidh a chéile
    ar Anna Builín a hinghean chéadna,
    is d'imthigh ón eaglais ar theagasg Luitéarus.
    Cuirim leis Elizabeth phéisteach
    nár phós fear is nár stad ó éinneach.
    85] Iomdha dream ar ar fheall an mhéirdreach.
    Do rinne sí fásach do Chlár Éibhir.
    A mná 's a bhfir do sgriosadh léithe.
    Tug sí bás do Mháire Stéabhard.
    I ndiaigh na mná so tháinig Séamas.
    90] Níor thuar faoiseamh do chríocha Fhéilim,
    an fear do thógaibh a bpór as a bhfréamhaibh
    is d'órdaigh a dtalamh do thamhas le téadaibh,
    do chuir Saxanaigh i leabaidh na nGaol nglan
    is transplantátion ar chách le chéile.

    p.22


    95] Is gearr 'na diaigh gur thionnsgain Séarlas
    ar nós a athar le cleasaibh 's le bréagaibh.
    Ar Leath Chuinn an chuing dob' éigceart
    is ar Leath Mhogha dá bhfoghairt go héinfhear.
    Do bhain sé díobh a gcíos 's a mbéasa,
    100] a maoin 's a gclann, a n-arm 's a n-éadach,
    trian a bhfearainn 's a ngairme i n-éinfheacht.
    Leis do hiarradh Dia do thréigean
    's gan labhairt i dteanga na Gaelge
    's gan 'na háit ag cách acht Beárla.
    105] Órd is aifreann do bacadh leis d'éisteacht.
    Tré gach gráin dá ndeárnaidh ar Éirinn,
    buan a mallacht ag fearadh go héag air.
    Marab é is cionntach, ní haithne dham féin sin.
    Créad ba cúis ar dtúis dá phéinbhruid
    110] far dheónaigh Dia an triath so 'shéana
    leis an lucht do thug do géilleadh,
    Parliamentárians na dtárr maothlach
    ler baineadh a cheann le lainn fhaobhraigh.

    p.23

    Don rí do baineadh an ceann céadna
    115] is lena linn do thionnsgain Éire.
    I gcúige Uladh do mhusgail an chéidfhear,
    Mág Uidhir, fuigheall na Féine
    is Mac Mathghamhna amhail a bhéas do,
    an dá leómhan chródha mhéinnmhaith
    120] nár chuir suim i maoin an tsaoghail si
    's nach dearnaidh ceangal le Danaraibh saobha,
    nó gur dóirteadh leó i n-éinfheacht
    do ghrá an chreidimh ba leisge leo 'thréigean
    ar shráid Lonnduin na dtonn dtaosgach
    125] a gcuid fola 'na locha craorga.
    Ní le fuath nach luaidhimse Féilim,
    an t-óg uasal ruaidhgheal péacach,
    an fear ler baineadh as eachtrannaigh méileach
    is lán na gcartach as Albanaigh d'aoileach.
    130] Ag so an uair do ghluais an tréinfhear
    as an Spáinn fá lán éarma,
    Eoghan ruadhghlan na sluagh mbaoghlach.
    Laoch na gcreach é, mac Airt éachtaigh,
    mac mic oirdheirc Chormaic Néill mhir,
    135] lámh ghaisge nár sáraigheadh i n-aonghoil.

    p.24

    Bíodh ar mh'fhallaing gur dearbhtha an sgéal soin.
    Iomdha guais ina bhfuair sé 'fhéachain
    ón lá dob' eol do a shrón do shéide
    nó gur chríochnaigh Críost a théarma.
    140] Cuirim 'fhiadhnaise ar Dhia nach bréag so,
    is ar an Spáinn ata lán dá ghéarghol,
    is ar an bhFrainnc ba teann a' dréim leis,
    is ar Thír—fá—thuinn atá tinn dá fhéagmuis,
    is ar chlanna Mhíleadh i dtír na hÉireann.
    145] Leath a ghníomh a ríomh ní fhéadaim.
    Do chúige Uladh tug furtacht ar éigin.
    Do chuir sé Gaill do dhruim a chéile.
    Do chuir se Lesley ar teitheamh go héasgaidh.
    Do chuir sé ar chosaibh Mhontgomery géibheann.
    150] Do chuir sé meatacht ar Albanaigh mhaola.
    Do chuir sé a ndaoine tríd a chéile.
    Do bhris sé brú an Mhúraigh bhréagaigh.
    Baile Átha Cliath do iadh an tréinfhear.
    Leis do sgiúrsadh an chúnntae chéadna
    155] 's an Mhidhe mhealltach Ghallda Ghaolach.

    p.25

    As Port Laoíse do dhíbir éircigh,
    i bPort Leastair do leagadh leis céadta,
    as Port Fáchland cách do spréidh sé.
    Do bhain sé giodar as Biorra 's as Aonach
    160] is as súd suas go Tuamhain Éibhir.
    Do rug sé creach gan chead don mBéarla
    ó Innis Cuinn tar bhinn an tsléibhe.
    Tug Port Láirge a lámh go léir leis,
    is Dún Canáin na gcanál dtaosgach,
    165] Loch Garman na n-arm bhfaobhrach,
    Ros Mhic Thriúin is Dún Bhinn Éadair.
    Do Chill Chuinne bhain uirrim ar éigin.
    Cois na Sionna ba neartmhar a ghéaga,
    Cois Abhann Móire is Feóire i n-éinfheacht,
    170] Cois na Bearbha ag marbhadh méirleach,
    Cois na Siúire a thrúp ba saothrach
    is as sin síos arís go hÉirne.
    Do rinne sé áthas i Ráth Méidhbhe.
    Ó Bhaile Átha Luain do fuair sé géilleadh,
    175] is ó sin siar go hiarthar Bréifne.
    Do bhris sé an balla ag Baile Shéamais.
    Do chuir sé Sligeach ar crith len' fhéachain.
    Is leis do ceangladh an Ghaillimh le chéile.
    Dar Mac Duach, ba suairc an sgéal soin

    p.26


    180] ar gach cuan do chuantaibh Éireann,
    dá rádh, dá luadh, dá thuar, dá léaghadh,
    Eoghan Ruadh ar ghuallaibh Gaodhal
    dá chur suas ar uachtar an Bhéarla.
    An t-óg uasal uanach aerach,
    185] bratach buanach buadhach béimneach,
    creachach cuantach cuartach créachtach,
    dreasach duadhmhar dualach déarcach,
    feasach fuadrach fuaidhteach féasdach.
    Gaisgidheach gluasda guasmhar gléasda,
    190] lannach luaimneach luathmhar léimneach.
    Marcach muardha muadhghlan méinnmhaith,
    neartmhar nuallach nuachrach néata,
    reachtmhar ruagthach ruaimneach réimneach,
    searcach snuadhach stuatach saothrach,
    195] teastach tuaiseach tuarthach tréanmhar.
    Do-ním daithne, dá maireadh an t-éan so,
    nach biadh an ealta so i leabaidh na bhfoenix
    is nach faigheadh Gaill ná Crombhuil géilleadh
    amhail mar fuair an uair d'éag siod.
    200] Acht gidh crádh liom a thásg san d'éisteacht,
    liom ní cás a bhás ar aonchor
    's nach le Gallaibh do gearradh a shaoghal

    p.27

    acht le Dia lér mhian a shaoradh
    is gairm go neamh i measg na naomh air.
    205] Is gearr 'na dhiaidh go dian gur éirigh
    an leomhan catha, an t-easbog Éibhear,
    fear rug bárr ar chách san léigheann,
    fear an chloiginn chomthroim éachtaigh,
    fear ba díreach croidhe do Ghaeulaibh.
    210] do bhris boinéad an bhroiméin mhéallaigh,
    do ghearr gúta an Chútaigh ghaothaigh
    's do chuir ruaig ar shluaite Shéarlais.
    Uch mo chreach gur gearradh a laethe!
    Tré Easbog Dhúin ní lugha mh'éagnach
    215] 's tré uaisle Uladh na gcuradh laochda:
    Henrí Ruadh dár dhual tréine,
    is Mac Mheg Uidhir an chroidhe Ghaolaigh,
    Ó Catháin an coileán léimneach,
    is laoch na ruag, mac Tuathail Féilim.
    220] Beannacht leó, a gcóireamh ní fhéadaim,
    is ó táim cráite, fágtha, céasta,
    fiafraidhim díot arís, a thréin-Mhic,
    cár ghabh tárrngaire Phádraig Naomtha,
    rádh Bhearcháin nó Sheanáin shéimhghil,

    p.28


    225] Chiaráin Chluana do fuair géilleadh,
    Choluim Cille an oinigh aeraigh,
    rádh Chaillín nó Ultáin shaothraigh,
    nó Cholmáin Eala dár bheatha féar glas,
    is gach fáidh feasach dár labhair ar Éirinn?
    230] Uch ochón! mo bhrón géarghuirt!
    mo ghol, mo chaoi, mo dhíth céille!
    mo lom, mo ghleó, mo cheó, mo léana!
    monuar, mo mhilleadh, mo mhire, mo phéinbhruid!
    Trian a ngalair go follus ní léir dham
    235] acht na Gaoil dá sníomh 's da réabadh,
    dá gcur síos, dá gclaoi, 's dá ngéarghoin,
    le pláigh, le gorta, le cogadh dá léirsgrios.
    Cóir do Dhia ní hiad nár saoradh.
    Ní raibh a nglaca i nglacaibh a chéile.
    240] Ní raibh an tuath go fuaighte d'aontoil
    is ní raibh an chliar ariamh acht réabtha.
    Do bhí cuid líonta dhíobh do bhréagaibh,
    cuid nó dhó le pór na n-éirceach
    is dá chuid eile do Ghallaibh ag géilleadh.
    245] Cuid le cleasaibh ag mealladh na nGaol so,
    cuid ós árd i bpáirt na hÉireann
    is iad go bráth fá láimh dá tréigean.
    Cuid ag seasamh le Saxaibh don taobh 'muigh
    is iadsan leó fá thoin na méise.
    250] Biaidh mo mallacht ag fearadh ar an gcléir sin.

    p.29

    is ar gcuaine go Luan an tsléibhe,
    lucht gan dísle chroidhe dá chéile,
    lucht na bhfeall, na meang 's na n-éigceart,
    do thug náire do Chlár Éibhir
    255] 's do chuir suas d'uaislibh Gaodhal,
    ar ar thuit cunntracht an Nuncio dhéidheanaigh,
    Eóin Baisde, ardeasbog Féarmo,
    aonfhear áite an Phápa i n-Éirinn,
    Ag so an chúis is cúis dom dhéaraibh
    260] ag so an cás do chráidh go léir me,
    do chuir folach ar sholas na gréine,
    do chuir buaire is gruaim ar spéiribh
    's do chuir an Eóraip fá cheó éclips.
    Mo mhallacht go deó le pór na bhfaolchon!
    265] Gidheadh fós, mo dhóigh níor thréigeas
    's ní bhiaidh mise gan misneach éigin.
    Is treise Dia ná fian an Bhéarla.
    Mairidh fós do phór Mhilésius
    an t-Aodh Buidhe se d'fhuigheall na nGaolfhear,
    270] an fear do thárrngair fáidh nach bréagach

    p.30

    chuirfeas Gallaibh i ndeireadh na péice.
    Mairidh an ruaidhfhear gruaidhgheal Féilim,
    is Colonel Fearghail, an gaisgidheach éachtach,
    is Aodh Ó Broin le dtuitfeadh céadta.
    275] Mairidh an chóip nach dóigh d'éinneach:
    Ruarcaigh, Raghallaigh is Branaigh le chéile,
    is Síol gConchubhair sturrumhail stéadmhar,
    Síol gCeallaigh nár fionnadh bheith tréithlag,
    Síol Mheig Carrthaigh nach dearnaidh clébheart,
    280] Dál gCais na ngníomh, Síol gCinnéide,
    sliocht Éireamhóin is mórshliocht Éibhir.
    Mairidh Leath Mogha fuair togha na héigse,
    is Leath Cuinn mhuair do bhuaidh céad cath,
    Ó Maoileachlainn, an preabaire laochda,
    285] is Ó Maolmhuaidh na ruathar n-éigneach,
    Mac Cochláin na gcaisléan nglégeal,
    Ó Cearbhaill trúpach ó Dhúithe Éile,
    Ó Súilleabháin ó chlár Bhéarra,
    Ó Mórdha, Ó Floinn is Ó Duinn an tSléibhe.

    p.31


    290] Do-dhéanaid an dáimh si go gearr aonchorp
    is do-bhéaraid lámh i láimh a chéile.
    Bualadh ar Ghallaibh i Saingeal do-bhéaraid,
    i Mullach Maistean ar Danaraibh réabfaid.
    Ní bhiaidh ceangal le Gallaibh ag éinneach,
    295] ní bhiaidh caidreamh le hAlbanaigh mhaola,
    ní bhiaidh marthain ar eachtrannaigh i n-Éirinn.
    Biaidh céad cómhrac i dtóin lucht Bhéarla
    is Chailbhin chleasaigh bhradaigh bhréagaigh.
    Biaidh gáir fá tholl i dtoll Luitéarus.
    300] Biaidh an buadh ag sluagh na nGaol so.
    Biaidh a n-uaisle i n-uachtar éirceach.
    Biaidh a gcreideamh gan mhilleadh gan éclips.
    Biaidh a n-eaglais ag teagasg an tréada,
    bráithre is easbuig, saguirt is cleir mhaith.
    305] Guidhimse Dia, más mian leis m'éisteacht,
    guidhim Íosa do-chí an mhéid se,
    is an Spiorad naomtha arís d'aontoil,
    Muire mháthair is Pádraig naomtha,
    Colum croidhe is Bríghid déidgheal,

    p.32


    310] go ndaingnighid sin Gaoil dá chéile
    is go dtigidh dhíobh an gníomh so 'dhéanamh:
    Gaill d'ionnarbadh is Banba 'shaoradh.
    An tráth do chríochnaigh an tsíbhean phéacach,
    mar adubhras ar dtúis san méid sin,
    315] ar mbualadh a bas go prap fá chéile,
    do-chuaidh sí suas do ruaig go néallaibh,
    is d'fhág sí mise ar an lic am aonar
    gan ghlór, gan tapadh, gan spreacadh, gan aonchor,
    sínte ar thuama ar uaigh na nGaol san.
    320] Aois an Tighearna i mbliana 'déarad:
    míle go leith, cúig deich is céad leis.1
    Ag sin díbhse críoch mo sgéil se.
    Slán don mhaoi bhí araoir ar uaigh Uí Néill,
    le crádh croidhe ag caoine uaisle Gaol.
    325] Gidh d'fhág sí mo chlí go suaite tréith,
    moi ghrá í 's gach ní dá gcualaidh mé.