Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 79
- 1] Ceathrar do bhí ar uaigh an fhir,
feart Alaxandair uaibhrigh;
ro chansad briathra gan bhréig
ós cionn na flatha a finnGhréig.
5]
- Adubhairt an céidfhear díbh:
'Do bhádar iné 'man rígh
fir an talmhan, truagh an dál!
gé tá iniu 'na aonarán.'
- 'Do bhí iné rí an domhain duinn
10] 'na mharcach ar talmhain truim,
ciodh é an talamh a-tá i-niugh
'na mharcach ar a mhuin-siumh.'
- 'Do bhí,' arsan treas ughdar glic,
'an bith iné ag mac Philip;
15] iniugh aige nochan fhuil
acht seacht dtroighthe do thalmhain.'
- 'Alaxandar muirneach mór
do bhronnadh airgead is ór,
iniu,' arsan ceathramhadh fear,
20] 'ag so an t-ór, is ní fhuil-sean.'
- Comhrádh na n-ughdar do b'fhíor
i dtimcheall uaighe an airdríogh;
níor bh'ionann is baothghlór ban
ar chansadar an ceathrar.
p.192