Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 77
- Uch! is truagh
1] dá maireann ar lorg na sluagh,
's gan fios, giodh amhghar an sgéal,
cáit ar ghabh an tréan ná an truagh.
5]
- Uch! a Dhia,
is mairg fuair an cholann chriadh
atá ag fiadhach ar gach olc,
agá mbreith go port na bpian.
- Uch! mo léan,
10] a shaoghail mheabhlaigh na mbréag,
mar do ghabhais mise id líon
dom tharraing ó Chríost na gcréacht.
- Uch! is mairg
atá fán saoghal ag spairn,
15] dá chumhdach do mhac nó mhnaoi;
dá n-abrainn fá naoi é, is mairg.
- Uch! mo bhrón,
a Rí Nimhe nár chan gó;
dá ndearnainn-se riamh do réir,
20] do chaithfinn go léir mo lón.
- Uch! is uch!
dá measainn a ndearnas d'ulc,
tar mo bhéal, go bhfaghainn bás,
ní thiucfadh go bráth acht 'Uch!'
p.190