Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 76
- 1] Malairt ó bhfuilim déarach,
a déanamh dhamh is aithreach;
gé táim tar éis mo mheallta,
damhsa ní gealltar aiseag.
5]
- Malairt re bhfuil mo mhíréir
do chuir ar míchéill mise;
díom do baineadh mo lomradh;
damhsa ní connradh cliste.
- Malairt do dligheadh dínne
10] úire ar chríne 's ar choise,
bláth na hóige ar léithe,
neart ar thréithe 's ar loige.
- Tugas mo ghruag ar mhaoile,
radharc ar chaoiche 's ar dhoille;
15] ar lúth, ar léim 's ar lámhach
agamsa fágthar moille.
p.188
- Tugas aiéar is aoibhneas
(ní nár shaoileas do thabhairt)
ar mo bheith ceanntrom cumhach;
20] damh ní subhach an mhalairt.
- Gé thug mise mo dhúthracht
seal re cúmhdach na hóige,
damhsa ní beag an saobhnós
nár shaoileas claochlódh glóire.
25]
- A bhláth bréagach na hóige
dá bhfuaras sóidhne tamall,
do thréigean liom gidh cruadhchás,
beag an t-uathbhás dom anam.
- Mar chrann i ndeireadh aoise
30] ar ghné baoise nó buile,
uaimse gach olc ag síoladh,
is mé ar gcríonadh mo dhuille.
- Mo chuid don bheathaidh naomhtha
ar ndol don tsaoghal chleasach,
35] gabhaim ó Rígh na Glóire
ar sgáth na hóige feasta.
- A Rí carthannach créachtach,
ós dá éagnach re caraid,
tabhair ar ndol don talmhain
40] neamh dom anmain mar mhalairt!
p.189