Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 72
Seán (mac Muiris) Ó Hurthaile.
- 1] Is aithreach liom bheith go hóg,
as mo thós do mealladh mé;
féach anois mar do chuaidh m'uaill;
is gairid uaim ceann mo ré.
5]
- An óige, mo mhallacht lé!
d'fhág sí mé i ngeall mo locht;
ní thiocfa sí dom bhreith as,
ní sgaoilfe sí glas mo chos.
- Ní bhia tuilleamh buidhe ruinn,
10] biaidh sise fá mhuirn ag cách;
uch! dá mbeinn ag dul re sruth,
ní chuirfeadh sí a guth im dháil.
p.184
- Mairg do loisg a thiompán ré;
mairg do char a gné ba glan;
15] mairg nár aithin, a Dhé bhí!
go raibh sí dom chur a-mach.
- An óige go n-iomad gcealg,
minic lé bheith dearg is geal;
giodh é a dath is áille ar chlí,
20] do fhágaibh sí ar mh'anam sal.
- A bhuidhe re haonMhac Dé
mar do sgar mé re n-a cás;
is ós liath foirfe mo lí,
mo mhallacht lé go dtí an bráth.
25]
- Clann Éava do thuit 'na cion;
mairg 'na riocht do gheibh bás;
ní haithreach do Mhuire mhóir,
sinn uile do fhóir ón gcás.