Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 69
Cathal Croibhdhearg agus Muireadhach Albanach mar aon, iar ndul sna bráithribh dóibh, cc.
- 1] 'A Mhuireadhaigh, meil do sgín
go mbearram inn don airdRígh;
tabhram go milis ar móid
's ar dhá dtrilis don Tríonnóid.'
p.180
5]
- Bearrfa mise do Mhuire
(an bhreath-sa is breath orchraidhe);
do Mhuire bearr an barr-sa,
a dhuine seang súlmhall-sa.
- Annamh leat, a leaca ghlan,
10] sgian tar do bharr dod bhearradh;
fá mionca ríoghan bhinn bhog
ag cíoradh a cinn chugad.
- Gach re n-uair do fhoilcthí dhúinn
is d'Ó Bhriain an bhairr chladhúir,
15] is do fhoilcinn uair oile
re stuaigh bhfoiltfhinn Bhóraimhe.
- Do-nínn comhshnámh is ua Chais
ar linntibh fuara Forghais;
ar dteacht i dtír lais ón linn
20] do-nínn is ua Chais coimhling.
- 'An dá sgín-se leath ar leath
do rad dúinn Donnchadh Cairbreach,
níor bh'fhearr dá sgín do sgeanaibh;
bearr go mín, a Mhuireadhaigh.'
25]
- 'Meil do chloidheamh, a Chathail
chosnas Banbha mbraonsgathaigh;
ní chuala gan fhachain t'fheirg,
a Chathail chuanna Chroibhdheirg.
- 'Díon ar fhuacht 's ar ainteas inn,
30] a inghean uasal Iaichim;
déana ar gcoimhéad san tír the,
a roighéag mhín, a Mhuire.'
p.181