Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 65

  1. 1] Caoin tú féin, a dhuine bhoicht!
    do chaoineadh chách coisg do shúil;
    ná caoin inghean, ná caoin mac,
    dár cuireadh fá bhrat i n-úir.

  2. 5]
  3. Caoin ar tús do pheacadh féin,
    ré ndul i gcré dod chorp;
    caoin, ós éigean duit a híoc,
    an pháis fuair Críost ar do shon.
  4. Caoin ar fhulaing ar do sgáth
    10] Críost, do cheannaigh cách i gcrann;
    caoin a dhá láimh 's a dhá chois,
    's an croidhe do sgoilt an Dall.
  5. Dá bhfaictheá a ndeachaidh uait,
    is mar táid na sluaigh-se fúinn,
    15] tar ar cuireadh riamh i gcré
    do chaoinfeá thú féin ar dtúis.
  6. Teachtaire Dé ós é an bás,
    dá raibh ortsa 'na chás chruaidh,
    do-ghéana tú h'aimhleas féin
    20] is aimhleas an té do chuaidh.

  7. p.175

  8. Ar chruthaigh lámh dheas an tSaoir,
    idir mhac is mhnaoi agus fhior,
    ní bhfuil againn truagh ná tréan
    nách rachaidh uainn d'éag mar sin.

  9. 25]
  10. Ar shliabh Síóin, lá na Sluagh,
    badh duibhe ná gual do ghné,
    anois giodh álainn do chruth,
    muna gcaoine a-bhus tú féin.
  11. Truagh sin, a bhochtáin gan chéill,
    30] dá dtuigtheá-sa féin mar taoi,
    do léigfeá do chaoineadh chách,
    's do bheitheá go bráth ag caoi.