Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 63
- 1] Ní buan bláth i gcionn bliadhna,
madh lán biadhmhar a dhuille;
comhartha an choill ar gcríonadh
barr na fíodhbha dá dtuite.
5]
- An crann chailleas a ghéaga,
bhíos gan éadach gan toradh,
is é a chríoch uile choídhche
lámha daoine dá losgadh.
- Atáim go cumhthach ciamhair
10] bliadhain anocht ó 'nuraidh,
trém dhuille 'na bhláth bréige,
gan lán céille dá chumhaidh.
- Do chráidh mo chroidhe ar dteastáil
rogha deasgáin dom dhíoghlaim;
15] ós dó do bhí mo rothol,
do-bhéar tosach don díoghrais.
- Gnáth mo charaid im aghaidh
seal tré'n mac-soin do chaoineadh;
mé i nglas re feadh a eachtra;
20] ní measa an cat re laoidheadh.
p.170
- Cian ré gearr damh i ndoghra,
cidh mó mh'orchra fán dtráth-so;
sé mhí fá dhó mhé i bpiantaibh,
nách mó bliadhain mar Phláto.
25]
- Mé ar nós deiridh an domhain
(glóir is moladh don naoimhRí!),
mo bhláth mór ar bheag dtoraidh
do thuit orainn, cidh daoirní.