Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 61
Giollabrighde Mac Conmidhe.
- 1] Déan oram trócaire, a Thríonnóid,
tug radharc i rosg an doill;
féar tres an gcreig, a Dhé, is doilghe;
ná leig mhé, a Choimdhe, gan chloinn.
- Cuire bláth tre bharr an fheadha,
a Athair mhóir (mairg nách tuig!);
bláth tre bharr na gcrann-sa, a Choimdhe,
clann damhsa gár dhoilghe dhuid?
- Dair don dearcain, déas don fhoichnín
10] ní usa ná an chlann ad-chiad,
fochan tana ag teachta a gráinne,
fearta glana áille iad.
- Bradán as gach bailg don iuchraidh,
éan a huigh (ní hinn nách tuig),
15] agus call tres an gcnaoi, a Choimdhe,
clann dár mnaoi gár dhoilghe dhuid?
p.164
- Tugais dom chealgadh cloinn álainn
d'fhaicsin a mbláith,beag an phoinn!
trócaire déan, a Dhé, oirne;
20] féagh mé, a Choimdhe gan chloinn.
- Láithreach folamh ag fear fheadhma
gan éinghin chloinne is creach mhór;
tabhair giodh aonduine im ionadh,
a naomMuire iodhan ógh.
25]
- Dream gan iarmairt, giodh aos conáigh,
ní cluintear acht an gcéin bhíd;
giodh caomh é áille gan sholadh,
gráinne is é gan toradh tríd.
- Ní fhuil ann mar ifearn bunaidh
30] acht bheith gan chloinn (cia nách smuain?);
líog lom idir fhádaibh fiadhghuirt
drong nách bhfágaibh iarmairt uaibh.
- A Thríonnóid is a thrí Mhuire,
nár múchtar láithreach mo lis!
35] neamh re gach n-itche is é is toghtha,
a shé litre fromhtha fis.
- A Dhúileamhain, déach ar mh'éigean,
a Fhir théachtas tonna an chuain,
fóir, a Rí thuileas is thráigheas,
40] an ní chuireas mh'áineas uaim.
- A Thríonnóid, tara dom fhurtacht,
a Eó fis ar nách bhfuil ball,
i dtoirchim ní coimse, a Choimdhe,
soillse oimchinn choinnle ar gclann.
p.165
45]
- Dias inn gan aonduine cloinne
ag casaoid riot, a Rí na naomh;
go dtí do chridhe ar ar gcloinn-ne,
a Rí nimhe, is oirne ar-aon.
- Cuir im láithreach, a Fhlaith nimhe,
50] neach dom chloinn bhus cubhaidh ris,
a Chnú bheó ris nár bhean críne,
a Threabh na n-eó bhfíre bhfis.
- Rugais, a Choimsidh na cruinne,
mo chlann uaim is iad 'na nús;
55] buaidh gcloinne ar fhear do badh usa,
neamh do roinne tusa ar tús.
- An talamh is tú do chruthaigh
idir chloich gcruaidh is chriaidh mbuig;
ní lugha a fheidhm, ní mó a mhonair,
60] deilbh na cnó ná an domhain duid.
- Tú do chum do chriaidh is d'uisge
Ádhamh gan lus gan linn táith,
Éava as a thaoibh réidh do roighnis
do bhéin, a Shaoir choimhdheis cháich.
65]
- Tú tháinig fád thoirrcheas buadha
i mbroinn Ríoghna i ráith na ndíog,
ar phéin gur fhóiris na huile;
do róinis féin duine dhíod.
- Tú do rad dár gcionn an cholann
70] i gcloich nduaibhsigh, dáil gan cheilg;
tú do chuaidh san gcroich dár gcobhair,
fá chloich i n-uaimh dhomhain dheirg.
p.166
- Tú do airg iar n-éirghe as talmhain
teach ifrinn fá huathmhar gné:
75] leigheas do chrú don fhuil easláin;
tú do shuidh ar dheasláimh Dé.
- Clár na talmhan is tú loisgfeas
go mba luaithreadh gach leac bhláith;
a Shlat is mó cnú san choille,
80] is tú do-ró i gcoinne cháich.
- Tú bhias isan bheathaidh shuthain,
a Shaoir cháigh ar nách fuil feidhm;
leathan do líon, a Mheic Muire;
gá bríogh dheit duine do dheilbh?
85]
- Tú an Saor gan saothar gan obair,
a Fhir dhírgheas gach dáil gcoim;
níor usa a mbreith mar cheó coinnle
ná bheith beó, a Choimdhe, dár gcloinn.
- Nochar usa an oidhche dhorcha
90] dealaighthear leat 's an lá glan;
gár dhoilghe ná dall go súileach
clann, a Choimdhe dúileach, dhamh?
- Sneachta is grian, a Íosa, i n-aonló
níor usa dhuit ioná ar nduas;
95] falach na criadh fúinn is fearta,
gur shúidh grian an sneachta suas.
- A Rí an ríchidh, rugais mh'aonmhac;
nar bh'oircheas dhuit féachaidh féin;
do sháithis dealg ar fhud mh'anma,
100] a Cheard tug gabhla fán ngréin.
p.167
- Dearchaoineadh fá dhul a gcloinne
cúich do dhligh, a Dhearc mar rós?
liom gé madh maith an cor chuinghim,
más maith a ndol, fuilngim fós.
105]
- Mo dhá itche, a Airdrí nimhe,
neamh an chéidní chuingheas mé;
madh áil lat is lór a rádha,
mac i lógh mo dhána, a Dhé.
- Faghaidh dhamh, a Mhuire Mháthair,
110] mac ré ndul don domhan ché;
im chrú nochar fhuirigh aonarc,
a bhrú ar dhuinigh daonnacht Dé.
- Guidh liom clann do bheith 'na mbeathaidh,
a Bhrighid ór baisteadh mé;
115] ná léig t'fhear dána fá dhímheas,
a bhean ghrádha dhíleas Dé.