Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 60
Cúchonnacht Ó Dálaigh.
- 1] Lámh ar th'aigneadh, a Úna;
léig díot, a dhearc neamhlúdha,
(gnáth orchradhach inghean ghlan)
t'imneadh confadhach cumhadh.
p.162
5]
- Tréigthear libh trá bhar dtuirse;
tuig, a ghnúis mar ghlanluisne,
dod ghruadh ghairthe gur bh'omhan
snuadh bhar n-aighthe d'athraghadh.
- Fill t'aigneadh, méadaigh meanma,
10] cuimhnigh, a sheang shoidhealbhdha,
gul tré dhaoinibh nách dleaghar,
dul aoinfhir dá fhoillseaghadh.
- An cheard-sain do thogh tusa
teacht uaithe ní hurasa;
15] an dubha fán bhfoirm 'na bhfuil,
doirbh an chumha do charthain.
- Ball dár dhealbh Ceard na cruinne
ná searg tré éag aonduine;
saobh an bhreath dá siabhradh sibh;
20] do dhreach grianmhar ná geimhrigh.
- Soilsigh t'fhabhra ód cheas cumhadh,
foigh ót aigneadh ardaghadh;
ná measg, gé tharla ar do thoil,
do labhra leasg, ná luathaigh.
25]
- Claochládh do chrotha neamhdha,
díbh cá goimh is goimheamhla?
lór dod dhamnadh ná tairg trá,
do mhairg gidh adhbhar iargná.
- Ná tabhair dorchra t'aire,
30] gidh mór h'adhbhar eólchaire;
a hadhnadh ní tarbha ó thoil;
marbhadh tanma ná haontaigh.
p.163
- I n-áit gach athar eile
gabh le Mac na Maighdine;
35] cuir doilghe a chneadh id chridhe
dod Choimdhe eadh h'aimsire.
- Tomás, breitheamh na mbreath bhfíor,
easbal iodhan na ndeiggníomh,
dár dtriall is-teagh ó ghníomh ghlan
40] go teagh an Ríogh le rothol.