Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 59
Seán Ó Coileáin.
- 1] Uíche dham go doilig dúch
cois faraige na dtunn dtréan,
ag léirsmaoine is ag lua.
ar choraibh crua an tsael,
p.159
5]
- Bhí an ré is na reulta suas,
níor chlos fuaim tuinne ná trá,
is ní raibh gal ann don ghaoith
do chrothfadh barr cruinn ná bláth.
- Do ghluaiseas i machtnamh mhaon,
10] gan aire ar raon mo shiúil,
doras cille gur dhearc mé
san gconair réig ar mo chiunn.
- Do stad mé san doras tsean
'nar ghnáth almsana is aoi
15] dá ndáil don lobhar is don lag,
an tráth do mhair lucht an tí.
- Do bhí fora fiar ar a thaoibh
is cian ó cuireadh a cló,
ar a suíodh saoithe is cliar
20] is taistealaig thriallta an róid.
- Shuig mé síos le machtnamh lán,
do leigeas mo lámh fám ghrua,
gur thuit frasa diana déar
óm dhearcaibh ar féar anuas.
25]
- Adúirt mé annsan fá dhíth,
agus mé ag caoi go cûch:
'Do bhí aimsir ina raibh
an teach so go soilbh súch.
- Sunn do bhí cluig agus cléir,
30] dréachta agus díocht dá lé,
cora ceatal agus ceól
ag mola mórgachta Dé.
p.160
- A fhotharach fholamh gan áird,
a árais seo is aosta túr,
35] is iumdha easgal is gaoth
do bhuail ar mhaoil do mhúir.
- Is iumdha fearthainn is fuacht
is stuirm cuain do chuiris díot,
ó tíolaiceadh tú ar dtúis
40] do Rí na ndúl mar thíos.
- A mhúir naomhtha na mbeann nglas,
do b'órnáid don tír seo tráth,
is diomá dian liom do sgrios
agus cuir do naomh ar fán.
45]
- Is uaigneach ataoi anois,
níl unnat cora ná ceól,
ach sgréachach ghéar na gceann gcat
i n-ionad na salm sóil;
- Eidhean ag easgar ós do stua,
50] neantóg rua it úrlár úr,
tafann caol na siunnach seang,
is crónán na n-eas id chlúid.
- Mar a nglaeudh an fhuiseóg mhoch
do chléir bhíodh ag cana a dtráth,
55] níl teanga ag corraí anois
ach teangtha gliugair na gcág.
- Atá do phruinnteach gan bia,
do shuainlios gan leaba bhláth,
do thearmann gan íobairt cliar
60] ná aifreann do Dhia dá rá.
p.161
- D'imig do luamh is do riail,
is do chuallacht fá cian cáig;
och! ní fhionnaim anois fát ia
ach cárnán criata cnámh.
65]
- Och! anfhorlann is anuaill,
anbhruid anuais is aindlí,
fóirneart namhad is creacha cruaig,
tug uaigneach tu mar taoi.'
- Do bhíos-sa féin sona seal;
70] fó-ríor do chlaochlaig mo chló,
tháinig táir an tsael im aghaig,
níl feidhm orm ach brón.
- D'imig mo luail is mo lúth,
radharc mo shúl agus mo threóir;
75] atáid mo cháirde is mo chlann
san gcill seo go fann ag dreó.
- Atá duairceas ar mo dhriuch,
atá mo chrui 'na chrotal cró;
dá bhfóireadh orm an bás,
80] ba dhearbh m'fháilte fá n-a chóir.