Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 56

Maolmuire (mac Con-uladh) Mac an Bhaird.
  1. 1] A dhúin thíos atá it éanar,
    mairg tárraidh do thaisbéanadh!
    an cruth do cuireadh dod dheilbh,
    a bhruidhean na sruth seingmheirbh.

  2. 5]
  3. Do múradh taibhle do thor,
    do éirigh úir na talmhan
    tar fhaolaibh do bhánchloch mbog,
    an láthrach aonair umad.

  4. p.151

  5. Tairnig tú, tugadh do leacht,
    10] do beanadh dhíot do dhraoidheacht,
    do teilgeadh caoin do chlach gcuir
    don taoibh a-mach dod mhúraibh.
  6. Ní bhí, i n-áit bhar bhfleadh bhfinnte,
    acht sruth fuar na firminte
    15] ag dul treamhaibh ar gach taoibh,
    a bhrugh mar Eamhain orchaoin.
  7. Is é dúnadh do dhoras,
    i n-áit chomhladh gclársholas,
    clocha aoil do bhairr fád bhun
    20] don taoibh ar-aill dot fhionnbhrugh.
  8. Ós taisibh bhar bhfuinneóg bhfionn
    is é i-niugh is ceól cuisleann
    béarla na n-éan 's an ghaoth ghlan,
    is fraoch na néall dá nochtadh.

  9. 25]
  10. A chúirt doirseach Dhúin na nGall,
    aisling dhuit, doirbh a fhulang,
    a bhrugh na mbraonchlár mbleidheach,
    dul san chlaochládh choimihdeach.
  11. Fá tú, a mheadhrach an mhúir chuirr,
    30] port oireachais chlann gConaill;
    Teamhair comhdhála crú Cuinn
    fá tú, a orghánna álainn.
  12. Fá tú meadh Eamhna i nUltaibh
    nó no Cruachna i gConnachtaibh,
    35] nó an bhraoinleasa ós Bóinn bhinn
    ba róimh aoibhneasa d'Éirinn.

  13. p.152

  14. Ionnad, a ghéagshlatach ghlan,
    do caití cíoscháin Uladh,
    do dhála gidh neimhthní a-nocht,
    40] 's do-beirthí cána Connacht.
  15. Uait do-chímís (cúis mheanma!)
    sreath long i láibh céideamhna
    do bharraibh do bheann gcorcra
    go gcrannaibh eang n-éadrochta.

  16. 45]
  17. Do bheannaibh do ghairéad ngeal
    do-chímís lúth each n-óigmhear,
    lucht na sealg, coimhling na gcon,
    a thoinnbhinn na learg líonmhar.
  18. Istigh ionnad fá ól fleadh
    50] do-chímís catha Gaoidheal,
    is ar t'fhaithche mhóir mhoighigh
    daithle an óil i n-aonaighibh.
  19. Truagh an dáil-se, a Dhúin na nGall,
    tú it aonar d'éis na saorchlann
    55] a-nocht gan mhoirn gan mheadhair;
    doirbh an tocht 'nar thuiteabhair.
  20. Cé a-taoi id chodchaibh fán gcriaidh nduinn,
    tángadar do chrú Chonaill,
    a mhúir ghil na saoirshreabh slim,
    60] fir do chaoinfeadh do chréidhim.
  21. Do bhiadh, dá gcluineadh do chaill,
    meanma Mhaghnusa Í Dhomhnaill,
    a leas fá tirmríogha tuir,
    i gceas imshníomha umaibh.

  22. p.153


    65]
  23. Dá bhfaiceadh Aodh mhac Aodha
    mar táid do mhúir mhíonaolla,
    ní badh lugha, a rómh na ríogh,
    a bhrón fád dhula i ndimbríogh.
  24. Tú fós dá bhfaiceadh mar soin
    70] Aodh Ruadh, an triath rod-thógaibh,
    níor bh'iongnadh nár bh'aoibhinn lais,
    a lionnghlan aoilshlim fhéarthais.
  25. Fada go saoilfidís so,
    a theacht, gé tháinig uatha,
    75] a phort sruithgheal na sreath gcuir,
    neach rod-chuirfeadh san gcruth-soin.
  26. Ó Domhnaill Ruadh, do rí féin,
    de tháinig, gidh teidhm aigmhéil,
    lot do mhúir, toghail do thuir,
    80] a dhúin fholaimh ós Iasgaigh.
  27. Gidh eadh, ní ar ulca ruibhse
    rod-cuireadh sna crothaibh-se,
    a ghealaitreabh fán mín muir,
    le rígh dheaghaicmeadh Dhálaigh.

  28. 85]
  29. Do b'é adhbhar do thoghla
    deagla Dubhghall ndanardha,
    a shlaitleabhar na mbrugh mbog,
    do dhul d'aitreabhadh ionnad.
  30. D'eagla go n-aibeórthaoi sin,
    90] 'Dún na nGall,' ribh dá-ríribh,
    tug dhaoibh, a dhúin na nGaoidheal!
    caoin do mhúir do mhionsgaoileadh.

  31. p.154

  32. D'éis na ríogh do riacht sonna,
    fá ilphiastaibh eachtranna
    95] mairg dhún do-chighseadh do chor,
    a shlisgheal na múr míondubh.
  33. Do dhíobhadh leis Ó nDomhnaill
    fearr dhuitse ná Danarghoill
    do tháth tiormthor is crios gcloch
    100] tiomchal do lios 's do leargshruth.
  34. An té tug thú in bhar dtaisibh
    cneiseóchaidh na créachtaisin,
    guais t'easláinte dhíbh go ndeach,
    a mhín leasbháinte loinnreach.

  35. 105]
  36. Dála an leagha, madh liaigh glan,
    an uair fhéachas an t-othar,
    do ríghthriath do roinne ruibh,
    a dhínchliath chloinne Cobhthaigh.
  37. Aithnidh liaigh leigheas na mball
    110] ar fhéachain fhir na dteadhmann,
    cáit i mbí bláth a shláinte,
    's gach ní is fháth dá easláinte.
  38. Cuid do na ballaibh bhíos slán
    gearraidh don othar easlán,
    115] do dháigh i leigheas a locht,
    sul gheibheas gráin ná guasacht.
  39. Ní léig dúnadh a ndoras,
    go mbeana a mbí d'amharas
    is-toigh do thaobhaibh na gcneadh,
    120] gan ghoin mbaoghail go mbíthear.

  40. p.155

  41. An liaigh ó chuireas ar gcúl
    (is an t-othar trá ag téarnúdh)
    a thoirse, a ghábhadh, a ghoimh,
    doirse na n-áladh iadhaidh.

  42. 125]
  43. An easláinte is iad na Goill,
    's is é an deighliaigh Ó Domhnaill;
    a threabh chrothghlas chrú Dálaigh,
    tú othras an éagálaidh.
  44. Biaidh ón triath lé dtáir do rath,
    130] do dheóin Dé, Dia 'na thosach;
    id chúirt shuaithnidh, taoibh re taoibh,
    do chaoin uaighfidh re t'eascaoin.
  45. Ó's é lot do lios mballach
    Aodh Ruadh, rí na gConallach,
    135] sgaoilfidh sé ciaigh do cheasa,
    badh é liaigh do leigheasa.