Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 55
Fearflatha Ó Gnímh (?).
- 1] Beannacht ar anmain Éireann,
inis na gcéimeann gcorrach!
atá treabh Bhriain na mbogglór
dom dhóigh ar dhobrón torrach.
5]
- Ionann is éag na Fódla
ceilt a córas a creidimh,
táire a saormhac 's a saoithe,
más fíor laoithe nó leitir.
- Deacair nách bás don Bhanbha
10] d'éis an treóid chalma churadh
do thriall ar toisg don Eadáil;
mo thruaighe beangáin Uladh.
- Ní léigeann eagla an ghallsmaicht
damh a hanstaid do nochtadh;
15] atá an chríoch réidh-se ríNéill
do chrú fíréin dá folcadh.
- Ní fhuil cion innte ar fhéiltibh,
ní fhuil ar chléircibh caingean,
ní mhaireann greann a dáimhe,
20] ní mhaireann náire a hainnear.
- Atáid gan lúth gan lámhach,
(mór an t-árach ar Éirinn)
gan ágh gan innmhe, ógáin
i n-inis fhódbháin Fhéilim.
p.149
25]
- Dursan milleadh na macaomh,
díorma ghlacshaor chleas nguile,
craosól ag clódh a gcéille,
ag sin a dtréidhe uile.
- Ní mhaireann aicme Chonaill,
30] dream ba rothoil i n-iomrádh,
nó síol Eóghain na mbéimeann:
d'fhearaibh Éireann is iomnár.
- Ní mhaireann acht a n-iarmhar,
crú na n-iarladh ó Sheanaid,
35] laochraidh Mháighe is Mhéinne;
mo thruaighe gléire Gearailt.
- Clann Charthaigh gan cheann feadhna,
mór na teadhma re a n-aithris;
ag so na síona saobha,
40] do badh baoghal teacht tairis.
- Do badh mór an meall dearmaid
gan saoirshliocht seanBhloid d'fhaisnéis,
caor rathmhar gan rún cionta,
gion go bhfuil ionnta aithspéis.
45]
- Ó Ruairc agus Mág Uidhir,
laoich nár fhuirigh ó ghábhadh,
is calg a ccroidhe an ciothshluagh,
mo bhrón biothbhuan a mbádhadh.
- Síol gConchobhair, rádh rodhocht,
50] ríoghraidh Connacht an-allód,
giodh saoithe saora a slata,
gan rígh aca acht ar anshódh.
p.150
- Sliocht Murchadha is Ó Mórdha,
féinnidh fá cródha i ngliadhaibh,
55] tearc aoinneach don tsíol tsaoróg
'gá bhfuil aonfhód dá n-iathaibh.
- Síol na saorchlann ó Bhéarra,
laochraidh gan éara i ndeabhaidh,
do chuir mé ar chaoi mearbhaill,
60] Ó Cearbhaill is Ó Ceallaigh.
- Déag a huaisle 's a hoireacht,
gan toidheacht aici ón oilbhéim;
dá lamhadh sinn a mhaoidheamh,
d'fhine Gaoidheal is oilchéim.
65]
- Atá fá anshúil Balair
i dteidhm ghalair an Gealghort,
gan ioth gan bhláth i dtalmhain,
bíodh ar a hanmain beannacht!