Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 54
Fearflatha Ó Gnímh.
- 1] Mo thruaighe mar táid Gaoidhil!
annamh intinn fhorbhaoilidh
ar an uair-se ag duine dhíobh,
a n-uaisle uile ar n-imshníomh.
5]
- Baramhail do-bearar dóibh
fuidheall áir d'éis a ndíobhdhóidh,
'gá sníomh ó chróluighe a gcneadh,
nó is líon tóraimhe ar dtilleadh.
- Nó is lucht báirce fár bhrúcht muir,
10] nó is drong fuair fios a saoghail,
nó is géill i ngéibheannaibh Gall
Éireannaigh fá fhéin eachtrann.
- Tugsad a dtréine ar thaise,
tugsad maise ar mhíomhaise,
15] tugsad meanma ar mhaoith mheirtnigh,
laoich fheardha nách aithintir.
p.145
- Atá brat ciach ós a gcionn
mhúchas glóir Ghaoidheal Éireann,
mar néall gceath ghrianbháitheas goil
20] do leath d'iarghnáicheas orthaibh.
- Tarla ó Bhóinn go bruach Lighean
dligheadh is fhiú aindligheadh,
gur bhreath shaor le fianaibh Fáil
an riaghail chlaon do chongbháil.
25]
- Ní bhí ag mac ríogh ón riaghail
aire ar lúth eich óirshrianaigh,
nó ar sheilg oighe fá chíogh cnuic,
nó ar ghníomh soidhe nó seabhaic.
- D'fhearaibh Fódla is fáth orchra,
30] do threabhsad daimh dhanartha,
i n-áit graifne a ngroigheadh seang,
gach faithche um oirear Éireann.
- Treóid Ghall i gcluaintibh a gcean,
túir aolta i n-áit a bhfoirgneadh,
35] margaidh uatha in gach oirear,
cruacha ar ardaibh aonaigheadh.
- Ní aithneann inis Logha
ni dá faithchibh fonnmhara,
cnuic dhlaoiréidhe i ndiaidh a n-air;
40] biaidh saoirÉire 'na Saxain.
- Ní aithneann aicme Ghaoidheal
Banbha, buime a macdhaoineadh,
's ní aithneann Éire iad soin;
tiad re chéile as a gcrothaibh.
p.146
45]
- Is í an drong dhligheas d'aithne
d'inis Chuinn is comhaithghe;
ní Goill is aoighidh aca,
Gaoidhil 'na ndroing dheórata.
- Do léig Éire an tonn tríthe
50] d'iomchar fhoirne coigcríche;
arthrach Dhá Thí do tolladh,
sí i n-anchruth do fheadamar.
- Mar thimcheallas tonn anfaidh
le stoirm laoi lucht caolarthraigh,
55] saithe Gall ar tí a dtiomchail,
muna dtí ann dÉireannchaibh.
- Bruid Bhalair go n-a bhráithribh
Tuatha Dé do dhíoláithrigh;
dar lat is neimhthreise a-niogh
60] na beithre-se Mac Míleadh.
- Mar lucht na Traoi ar n-a toghail
dá ndíchleith i ndíothrabhaibh,
fian Teamhra a-táid ó Thailtin;
a bhfáid sealbha seachaintir.
65]
- Cosmhail re Cloinn Isra-hél
thoir san Éighipt ar éidréan,
Mic Mhíleadh um Bhóinn a-bhus
ag síneadh dhóibh ó a ndúthchas.
- Mar do bhí Magh Tuireadh Thuaidh
70] i ngeall mhic Céin an chéaduair,
lá a sgarthana re teidhm dtinn,
feidhm an athLogha ar Éirinn.
p.147
- Ag sluagh Éireann an fheóir ghloin
truagh gan ionamhail Eachtoir
75] mic Prímh re pobal Saxan,
cogadh dhíbh go ndiongbhatsan.
- Truagh, a Rí rátha nimhe,
do theacht dúinn ór ndaoirse-ne,
an t-athMhaoise nár fhéag ruinn,
80] tréad an chathchraoi-se Criomhthainn.
- A Thríonnóid 'gá dtá an chumhacht,
an mbia an dream-sa ar deóradhacht
níos sia ó chathaoirlios Cuinn,
nó an mbia an t-athaoibhneas againn?
85]
- Nó an dtiocfa is-teach ar thairngir
do shluagh Danar ndúraingidh
naomh fíréanghlan, fáidh Ó gCuinn,
an prímhéarlamh cáidh Coluim?
- Má thug an Deónaghadh dhi,
90] Saxa nua dan hainm Éire,
bheith re a linn-se i láimh bhiodhbhadh,
don innse is cáir ceileabhradh.
- Muna gcuirid dóigh i nDia
síol Éibhir Sguit ón Sgithia,
95] a gclár foirnegá dám dhó?
ní clár doighre ná diarmhó.
p.148