Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 53

Maolmhuire Ó Huiginn.
  1. 1] Slán uaim don dá aoghaire
    'gá bhfuil an R 'na dtosach;
    d'uamhan fhear na saobhthuigse
    ní bhiú níos sia dá nochtadh.

  2. 5]
  3. Ar eagla na buaidheartha
    géabhad an raon is réidhe;
    créad fá mbeinn re fuairleitribh?
    do-chímíd croidhe a chéile.
  4. Tig saoirse i ndiaidh róbhruide,
    10] tar éis dubhaidh tig soineann;
    fuilngeam feadh an órlaigh-se
    mar do caitheadh an choinneal.

  5. p.144

  6. Tig, an uair nách saoilfidhe,
    grás is cabhair ón gCoimdhe;
    15] gearr uainn am an fhaoithighe,
    fogas lá don ré dhoirche.
  7. Ag Dia atá gach ordachadh;
    ní feas dúinn tráth tar neamhthráth;
    ól na dighe domblasta
    20] meinic fhóireas an t-easlán.