Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 50
Giollabrighde Ó Heódhusa.
- 1] Truagh an t-amharc-sa, a Éire!
lem chroidhe is cúis deirbhéile
learga t'fhuinn ghéagaigh ghairthe
d'fhéagain do dhruim dealaighthe.
5]
- Siar tar mhuinchinn na muire
do-chiú-sa, a chríoch Laoghaire,
guaille do ghormtholach ngeal;
orchradhach uaidhe mh'aigneadh.
- Beag thrá nár threaghd mo chroidhe,
10] do athnuadhaigh mh'eólchaire,
do dhruim ar ndeaghlai-ne ribh,
do bheannmhoighe, a fhuinn, d'fhaicsin.
- A chríoch Bhriain na mbuinneadh ngeal,
ní fheidir mé (móide ar n-imneadh
15] 's ar sgís fan radharc-sa rinn)
h amharc-sa a-rís an roichfinn.
p.135
- Ós éigin dúinn deadhail ruibh,
lór leam do loise an tsaoghail
faicsin t'fhuinn ghéisealtaigh ghloin
20] don tuinn ghéiseachtaigh ghlonnmhair.
- Measa mar tá, a Thulach Bhreagh,
ní faicthear leam, lór d'imneadh,
fairche faltshoilse th'fhuinn ghloin
ón tuinn atmhair-se ar mh'aghaidh.
25]
- Ní dom arthrach is olc leam,
truagh liomsa, a inis Éireann,
sgeith don tuinn altdorcha im ucht
do bhuing h'ardtolcha as mh'amharc.
- Do chuadar as rinn mo rosg
30] do thulcha is álainn éagosg;
is tuar orchra dá n-éise
dromchla fhuar na háibhéise.
- Uchán! a inis na nArt,
tugasgá truaighe malart?
35] taisteal h'uilleadh gclúimhthiogh gcorr
ar bhúirtheadh bhuinneadh mborblonn.
- Tug mé ar mhonghar na muire
oirfideadh héan neamhdhaidhe
's teas ndonnmhálla mbruachdhubh mbinn;
40] uathmhar orghránna an aisling.
- Dursan damhsa deadhail ribh,
d'éis mh'oileamhna ó aois leinibh
le grian do gheilchíoch gcorcra,
a sheinchríoch fhial éadrochta.
p.136
45]
- T'fhágbháil gidh cruaidh an croidhe,
ní dubhradh tír thalmhaidhe
dá dtréigfinn do thrilis nduinn,
a inis chéichtshlim Chriomhthainn.
- Dá dtréiginn-se, a Threabh Chonnla,
50] seal aithghearr, d'fhonn ealadhna,
learga buadha do chíogh gcorr,
do shíor uadha ní anfam.
- Ionmhain ceard ba chéidcheard damh!
dá mbeinn thrá gan a tréagadh,
55] a dhrúichtinnse léar fhaoi Art,
ní fhúigfinn-se ar aoi h'amharc.
- Tar gach toil dá dtugsam di,
mairg fhuair an iomlaoid gceirde
rom-dheiligh-se rú agus ruibh,
60] a sheininnse chrú gCobhthaigh.
- Na cnuic-se do-chím a-noir
comhaidheach leam iad d'fhéachain;
rachaidh t amharc-sa uam dhe,
truagh an t-amharc-sa, a Éire!