Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 49
Tadhg Camchosach Ó Dálaigh.
- 1] Dá grádh do fhágbhas Éirinn
im bráthair bhocht beigléighinn,
gé'r dheacair fonn fádghlas Fáil
's an drong do fhágbhas d'fhágbháil.
5]
- Do fhágbhas Éirinn na ríogh
ar ghrádh Dé 's ní dá dimbríogh;
ní d'álghas fiadha badh fearr
do fhágbhas fhiana Éireann.
- Maoith chroidhe, gé'r chéim diadha,
10] tocht i dtíribh imchiana
ón fheadhain gár hoileadh ionn,
deadhail re hoirear Éireann.
- Rugas (do b'fheirrde mh'eachtra)
céim i n-aghaidh mh'aigeanta
15] tar an muir ngairgmhir ngábhaidh
óm chairdibh, óm chompánaibh.
p.133
- Gurab tarbha damhsa is dáibh
mo mháthair, mh'athair d'fhágbháil,
's a n-aicme ar-aon leath ar leath,
20] an mhaicne gé'r chaor chairdeach.
- Ní aibeórainn (innis dóibh,
mo lucht cumtha agus comhóil)
a n-abraim, gé madh ionráidh,
muna n-abrainn d'eisiomláir.
25]
- Ní hé gurab aithreach leam
ceileabhradh do chrích Éireann;
ní ar son toirrse dom tholladh
na roinn-se dorónamar.
- Do fhidir Dia 'gá dá a fhios
30] aithreach a fhad gur thréigeas,
d'fhagháil onóra badh fearr,
roshlógha is anáir Éireann.
- Doilgheas 'gár ndaoinibh bochta
do-chuala (is cúis daonnachta),
35] tré n-ar ndol fá chuing chrábhaidh,
druim do chor rem chompánaibh.
- Dá madh mise macaomh óg,
aonmhac tighearna thuasód,
san fhód bhunaidh i mbíodh mé,
40] do badh cubhaidh tríom tuirse.
- Mór ríogh féin (fochain ratha),
mór mac ríogh is rofhlatha
rug ar chuing nár chuing fhallsa,
tug druim ris an domhan-sa.
p.134
45]
- Do fhágbhas fhine Ghaoidheal
ar Chríost (ní dá chommaoidheamh),
daoine ler bhálghas lámh linn;
dá grádh do fhágbhas Éirinn.
- Ar ghrádh Muire agus a Meic
50] do fhágbhas Éirinn oirdhreic,
earla claon an chuirp óghdha,
craobh dhealbhdha an fhuilt fhorórdha.