Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 45


1]
  • Fada dhamh druim re hÉirinn,
    rom-sgar do thuinn re a tárainn;
    mo shúil tar mh'ais i nÉirinn
    fá a léibhinn ghlais úir álainn.

  • 5]
  • Inis iomlán ghlan ghrianach,
    dá hiomrádh dhamh is déarach,
    tír na dtulach gcorr gcraobhach,
    fonn braonach ughach éanach.
  • Fonn is caoimhe um chlár ndíleann,
    10] naoidhe dá lár a léibheann,
    tír iobhar mín is mhónann,
    tír chnódhonn iodhan Éireann.
  • Tír ghlan fhoithreamhail ughach
    na magh sgoithleabhair sgorach,
    15] tír na ród gcraobhach gcreamhach,
    fód ealach laoghach lonach.
  • Fód caomh na gceall bhfeartach,
    na bpeall gclaon is na gcolcthach,
    oileán mín séadach searcach,
    20] tír ealtach thréadach thorcach.
  • Tír na laogh is na loilgheach
    is mín taobh 's is mín murbhach,
    tír na ngort n-airgheach n-oibhneach,
    port droighneach airneach ubhlach.

  • p.126