Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 44

Deirdre cct.


1]
  • Ionmhain tír an tír-úd thoir,
    Alba go n-a hiongantaibh;
    nocha dtiocfainn aisti i-le,
    muna dtíosainn le Naoise.

  • 5]
  • Ionmhain Dún Fiodhgha is Dún Fionn,
    ionmhain an dún ós a gcionn,
    ionmhain Inis Droighean de,
    's is ionmhain Dún Suibhne.
  • Coill Chuan!
    10] gus' dtigeadh Ainnle, mo nuar;
    fá gar liomsa do bhí an tan,
    is Naoise i n-oirear Alban.

  • p.124

  • Gleann Laoidh!
    do chollainn fán mboirinn chaoimh;
    15] iasg is sidheang is soill bruic,
    fá hí mo chuid i nGleann Laoidh.
  • Gleann Masáin!
    ard a chreamh, geal a ghasáin;
    do-nímís colladh corrach
    20] ós inbhear mongach Masáin.
  • Gleann Éitche!
    ann do thógbhas mo chéidtigh;
    álainn a fhiodh, iar n-éirghe;
    buaile gréine Gleann Éitche.

  • 25]
  • Gleann Orchaoin!
    fá hé an gleann díreach dromchaoin;
    níor uallcha fear a aoise
    ná Naoise i nGleann Orchaoin.
  • Gleann Dá Ruadh!
    30] mo-chean gach fear dána dual;
    is binn guth cuaiche ar chraoibh chruim
    ar an ndruim ós Gleann Dá Ruadh.
  • Ionmhain Inis Droighean de,
    ionmhain a uisge gainmhe;
    35] nocha dtiocfainn aisti an-oir
    muna dtíosainn lem ionmhain.

  • p.125