Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 43
Deirdre cct.
- Gleann measach iasgach linneach,
1] a thulcha corra is áille cruithneacht;
bheith dá iomrádh damhsa is deacrach,
gleann beachach na mbuabhall mbeannach.
5]
- Gleann cuachach smólach lonach,
buadhach an fhoraois do gach sionnach,
gleann creamhach biolrach mongach
seamrach sgothach barrchas duilleach.
- Binn gotha fiadh ndruimdhearg mballach
10] faoi fhiodh darach ós maoil mullach;
oighe míolla is iad go faiteach
na loighe i bhfalach san ghleann bhileach.
- Gleann na gcaorthann go gcnuas corcra,
go meas molta do gach ealta;
15] parrthas suain do na brocaibh
i n-uamhchaibh socra 's a gcuain aca.
- Gleann na seabhac súlghorm séitreach,
gleann iomlán do gach cnuasach,
gleann na mbeann sleasach bpéacach,
20] gleann sméarach airneach ubhlach.
p.123
- Gleann na ndobhrán sliomdhonn smutach
ós cionn iasgaigh is binn bocach;
is iomdha géis thaoibhgheal shocrach
's éigne iuchrach re taobh leacach.
25]
- Gleann na n-iubhar gcas gcraobhach,
gleann braonach is mín lulghach,
gleann aoldathach réaltach grianach,
gleann ban sgiamhach bpéarlach bpuncach.