Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 41
1]
Aoibhinn bheith i mBinn Éadair,
fírbhinn bheith ós a bánmhuir,
cnoc lánmhar longmhar líonmhar
beann fhíonmhar fhonnmar ághmhar.
5]
Beann i mbíodh Fionn is Fiana,
beann i mbíodh cuirn is cuacha;
beann i rug ua Duinn dána
lá Gráinne do ruinn ruaga.
Beann tomghlan seach gach tulach,
10] 's a mullach crunnghlas corrach,
cnoc lannach creamhach crannach,
beann bhallach mhíolach mhongach.
Beann is áille ós úir Éireann,
glébheann ós fairrge faoileann,
15] a tréigean is céim cruaidh liom,
Beann álainn Éadair aoibhinn.
p.120