Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 40
Oisín (nó Caoilte) cct.
1]
Arann na n-oigheadh n-iomdha,
tadhall fairrge re a formna;
oiléan i mbearntar buidhne,
druimne i ndeargthar gaoi gorma.
5]
Ard ós a muir a mullach,
caomh a luibh, tearc a tonnach;
oiléan gorm groigheach gleannach,
corr bheannach dhoireach dhrongach.
Oighe baotha ar a beannaibh,
10] mónainn mhaotha ina mongaibh,
uisge uar ina haibhnibh,
meas ar a dairghibh donnaibh.
Míolchoin ghéara agus gadhair,
sméara is airne dubh droighin,
15] dlúth a froigh ris na feadhaibh,
doimh ag deabhaidh 'na doiribh.
Díoghlaim chorcra ar a cairrgibh,
féar gan lochta ar a leargaibh,
ós a creagaibh caon cumhdaigh,
20] surdghail laogh mbreacraidh mbeadhgaigh.
Mín a magh, méith a muca,
suairc a guirt (sgéal is creite),
cna for bharraibh a fiodhcholl,
seóladh na siothlong seice.
p.60
25]
Aoibhinn dóibh ó thig soineann,
bric fá bhruachaibh a habhann;
freagraid faoilinn 'má fionnall;
aoibhinn gach ionam Arann!
p.119