Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 37
Oisín cct.
1]
Binn sin, a luin Doire an Chairn!
ní chuala mé i n-aird san bhith
ceól ba binne ná do cheól
agus tú fá bhun do nid.
5]
Aoincheól is binne fán mbith,
mairg nách éisteann ris go fóil,
a mhic Arphluinn na gclog mbínn,
's go mbéarthá a-rís ar do nóin.
Agat, mar tá agam féin,
10] dá mbeith deimhin sgéil an eóin,
do dhéanta déara go dian,
's ní bhiadh th'aire ar Dhia go fóil.
p.55
I gcrích Lochlann na sreabh ngorm
fuair mac Cumhaill na gcorn ndearg
15] an t-éan do-chí sibh a-nois
ag sin a sgéal doit go dearbh.
Doire an Chairn an choill úd thiar,
mar a ndéindís an Fhiann fos;
ar áille is ar chaoimhe a crann
20] iseadh do cuireadh ann an lon.
Sgolghaire luin Doire an Chairn,
búithre an daimh ó Aill na gCaor,
ceól le gcolladh Fionn go moch,
lachain ó Loch na dTrí gCaol.
25]
Cearca fraoich um Chruachain Chuinn,
feadghail dobhráin Druim Dhá Loch,
gotha fiulair Ghlinn na bhFuath,
longhaire cuach Chnuic na Sgoth.
Gotha gadhair Ghleanna Caoin,
30] is gáir fhiulair chaoich na sealg,
tairm na tuinne ag triall go moch
isteach ó Thráigh na gCloch nDearg.
An tráth do mhair Fionn 's an Fhiann,
do b'annsa leó sliabh ná cill;
35] fá binn leósan fuighle lon,
gotha na gclog leó níor bhinn.
p.56