Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 33

Diarmaid Bán Ó Hanglainn
1]
  • Saoghal so nách saoghal damh,
    ní hé an saoghal-sa ar saoghal,
    saoghal ó nách saoghlach sinn;
    baoghlach an saoghal, saoilim.

  • 5]
  • Níor thuigeas (ba thuigse shlim;
    truagh nár thuigeas mar thuigim!)
    nách í an tuigse do thuig mé;
    tuig nár thuigse mo thuigse.
  • Anois tuigim nár thuig mé,
    10] giodh mall do thuig mo thuigse;
    ní fhaghaim lem thuigse ar dtoil,
    tuigse do adhair d'antoil.
  • Mo thuigse ar thoil mo thoile
    le toil do thoil mh'antoile;
    15] mo thoil-se ar thoil na tuigse,
    toil dár foigse fíorthuigse.

  • p.52

  • D'éis a dtuigim (truagh mo thoisg)
    dar leam is duine díochoisg
    nách géill ó thoil do thuigse
    20] le céill oimh na hantuigse.
  • Mo thoil, a Dhé, ar do thoil-se,
    coisgeadh dá toil mh'antoil-se;
    mo thoil, mo thuigse mar so
    tuig-se gan oil, a Íosa.