Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 31


1]
  • Ciamhair cráite an croidhe-se,
    an croidhe-se is ciamhair cráite;
    ní bhfuil sláinte im ghoire-se,
    im ghoire-se ní bhfuil sláinte.

  • 5]
  • Do marbhadh an t-anam-sa,
    an t-anam-sa do marbhadh;
    atá adhbhar agamsa,
    agamsa atá adhbhar.
  • Ciamhair atá m'intinn-se,
    10] m'intinn-se atá ciamhair,
    ciamhair gion go n-innsim-se,
    gion go n-innsim-se is ciamhair.