Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 30


1]
  • Dána dhamh gan bheith im thocht,
    is nách tuigim port go cóir;
    mh'inntleacht ó tharla go mall,
    ní gheabha mé acht rann nó dhó.

  • 5]
  • Guth mo chinn ó ta go searbh,
    dearbh nách cuirfead é le téid,
    is guth m'ochta thíos ar meath;
    ní innsim díbh leath mo sgéil.
  • Ní thuigim téada ná puirt,
    10] ní fhaghaim mo ghuth go sámh;
    díoghbháil gotha is cumhgach cléibh—
    is tríd nách gabhaim féin dán.

  • p.50