Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 29


1]
  • Don bhothán is deacair bóin,
    is mairg théid dá dheóin 'na pháirt!
    ceard is doilghe dár chum Dia,
    gi-bé thairgfeadh a riar go bláith.

  • 5]
  • Bean bheag mhíothairbheach bhorb
    is sgaoi ghárlach is doirbh mian—
    is mairg dár cuideachta an drong
    i n-éadach lom is iad gan bhiadh.

  • p.49

  • Is soiléir gach lá dhá dtig
    10] é bheith ar easbhaidh an bhig 's an mhóir,
    súil le furtacht nách bí i ndán,—
    don bhothán trá is deacair bóin.
  • 1Do rinne an bothán bochtán bocht buartha dhíom,
    Thilg sé mo sgafántacht go hanásta suas is síos,
    15] Do rinne sé loisgreán go hiomlán is gual dom chruí,
    Is ní fhuil ach leanbán ins gach mácamh dá mbuaileann faoi.