Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 28
1]
Gabh mo chomhairle, a chara;
ná bí i ngalar ná i ngéirnimh
fá mhóran do mhaoin fhallsa
nách dtug annsa dod thréithibh.
5]
Mo chomhairle dhuit an tan-sa:
ná glac-sa 'na chúis dóláis,
an feadh mhairfeas do dhaoine,
easbhaidh maoine ná móráin.
Do b'fhéidir go mbfhearr dhuitse,
10] do réir tuigse agus aithne,
bheith i mbanna na n-ógán
ná mórán do bheith ar h'aire.
An drong agá mbí an saidhbhreas,
iomdha daidhbhreas is dochar
15] do-gheibh siad fán tsaoghal;
móide is baoghal a shochar.
Marcus Crassus, tré uabhar,
an gcuala tú, a dhuine,
a bhás do theacht tré shaidhbhreas;
20] cár mhó aimhleas san chruinne?
p.48
Is breith chámhaill tré shnáthaid
(mar ráidhid isna leabhraibh)
fear an tsaidhbhris do tharraing
ná a bhreith don Chathraigh neamhdha;
25]
Mar sin nách beite dhuitse
lán do thuirse fá mhórán,
ó tá gach duine i mbaoghal
do-bheir don tsaoghal róghrádh.
Locht eile ar an tsaidhbhreas
30] (móide is aimhleas a fhagháil)
nách fearr leis ag na saoithibh
ná ag na daoithibh gan daghcháil.
Teacht le beagán maoine
níor bh'adhbhar maoithe dhuitse,
35] is gan bualadh fá mhórán
tar gach ógán dot fhuil-se.