Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 27

Tadhg Ruadh Ó Conchobhair
1]
  • 'S do chleasaibh an tsaoghail tslim
    d'fhear shaidhbhir nách baoghal táir
    más daidhbhir, atá gan chéill,—
    fáth nách téid an ceart 'na cháir.

  • 5]
  • Damhsa do fíoradh an sgéal:
    an tan do b'aoibhinn mo sheól,
    ba mór mo chairdeas 's mo ghaol;
    ós bocht, ní thig aon dom chóir.

  • p.45

  • Cé chím iad, ní fhaicid mé,
    10] 's má chíd mé, ní fhaicid mé;
    saoilid siad, ar ndul dom spréidh,
    ciodh mise mé, nách mé mé.
  • Lá samhraidh ó éirghe don ghréin,
    (tuigeadh gach aon créad an fáth)
    15] muna bhfaicinn mo sgáth féin
    nó sgáth éin, ní fhaicim sgáth.
  • Dá madh mise mise a-rís,
    badh gile ná an ghile mo nós,
    anois cé nách cuirid cás
    20] im bhás, ná im bheathaidh fós.
  • Isé meas an tsaoghail mhóir
    ó bhraithid mo stór go gann,
    dá dtagrainn an ceart 's an chóir,
    nách fuil acht glór amaide ann.

  • 25]
  • Dá madh líonta d'ór mo thrunc,
    's mo bheith gan unsa don chéill,
    adéaradh an mhaith 's an t-olc
    mh'eagna tar Sholamh go dtéid.
  • A Dhé do chuir iad san riocht
    30] is mise san chruth i dtáim,
    cion ar chaill mise do mheas
    aitchim ort, dom anam dáil.

  • p.46

    Seán Mac Criagáin
    1. Truagh, a Thaidhg, mar caointear leat,
      ó tharlais gan bhrat gan bhú,
      35] ná faicid daoine thú féin;
      is damhsa is léir gur tú thú.
    2. Dearbhaim dhuit gur tú Tadhg
      a Cruachain ó Mheidhbh do chin,
      is do bhí id Thadhg roimhe riamh;
      40] do-bheirim sliabh gur tú sibh.
    3. Nách tú an Tadhg do chin ó Chorc,
      noch chumas mór port don ghreann,
      nó an sluagh sídhe tarla ort
      dod bhreith ar fud chnoc is gleann?

    4. 45]
    5. Mar nách faicthear thú le neach,
      anois ó do mheath do mhaoin,
      is ródhall gach aon nách tuig
      gur is-tigh atá do chaoin.
    6. Saoithe Leithe Mogha móir
      50] ar teirce stóir atáid siad;
      dar liomsa do b'olc an bhreith
      gan tusa do bheith mar iad.
    7. Ní fhuil agad crodh ná séad,
      ní fhuil agad tréad ná táin;
      55] do chlaochlaigh do chion a-nos,
      ní fhuil agad ros ná ráib.

    8. p.47

    9. Gabhaim-se thú it aon re lár,
      ó táimíd ar sáil na suadh;
      aitchim ort, dod chumhaidh coisg,
      60] ós liomsa do thoisg is truagh.