Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 25
1]
Mairg 'gá lagaid a lámha!
ní hiongna a rádha uaimse,
an uair lagaid na lámha
lagaid na grádha an uair-sin.
5]
Na daoine saidhbhre carthar
nó go lagaid a lámha;
gradh do neach gan mhaith aige
ní thóir cara ná námha.
p.39
Mar do-chím an lámh shaidhbhir
10] 's an lámh dhaidhbhir 'na farradh,
beanaidh dhíom bheith go dána
faicsin na lámha lagthar.
Foirtile mé ná mh'athair (?),
an rádh-so cé rádh fíre,
15] is lór a dhuarca d'fhocal,
ós follas fios a bhríghe.
Focal eile is é seanda
(misde mo mheanma a thuigsin):
'Ón dá mhaith do bhí béaraidh
20] an éanmhaith atá uirrim.'
Tig i láimh an tí chleachtas
an seabhac 'gá mbí aithne;
an lámh dá bhfuighe falamh,
ní dá dheóin anas aice.
25]
Gi-bé bhíos gan maith aige
bíodh go madh maith a bhéasa,
gé bheith go tuigseach tréitheach,
annamh éistear a sgéala.
An té braitear i mbochtacht
30] 'na fhocal ní bhí acht searbhas;
briathra an té 'gá mbíd séada
binne ná téada meannchrot.
Gi-bé thaisgeas a fhuidheall
ní maith thuigeas an saoghal;
35] nách é féin bhias dá chaitheamh
don té thaisgeas is baoghal.
p.40
Crodh na cruinne 's a maoine
ciodh éigneach daoine iompa,
fá dheóidh is amhlaidh aithnim
40] nách fuil acht aisling ionnta.
Méad a ratha ná a uaisle
ní hadhbhar uaille d'aoinneach;
rí na bPears dár bh'ainm Dáire
is Poimp Mháighe do claoidheadh.
45]
Samson geur mhór a chéadfadh,
Aicil éachtach, is Eachtar,
Earcail nár sháraigh aoinfhear,
féach gur claoidheadh an ceathrar.
A dtiocfa dhíobh 's a dtáinig,
50] is a n-áireamh go haoinneach,
a mná, agus fir na cruinne,
cia dhíobh uile nách claoitear?
Ós mar sin atá an saoghal,
dul dá thaobhadh is dochar;
55] gá fearr dúinne bheith saidhbhir
ná bheith daidhbhir i mbochtacht?
Ós buidheach Dia don dealbhas,
acht go ndearntar a fhulang,
má 'sí a thoil mise i ndaidhbhreas,
60] nár léige an saidhbhreas chugam.
Eadram 's an Mac-sin Mhoire
an tráth is goire an gábhadh,
cuirim mo chara Maitias,
an t-easbal glainfhial grádhach.
p.41
65]
Mór is docraide ar ndaoradh
dom shaoradh liom dá labhra,
acht go mbia Caitir-íona
ar cumas díona mh'anma.